Ag taisteal go hÉirinn

Ag dul ann

Tá sé níos éasca ná riamh dul go hÉirinn le heitiltí díreacha chuig aerfoirt mhóra agus réigiúnacha agus báid farantóireachta ag teacht go dtí roinnt calafort iontrála.

Déan cinnte i gcónaí go bhfuil do phas sách fada roimh thaisteal.

Modh Iompair Pointí iontrála
Eitiltí díreacha

Dublin

Shannon

Cork

Knock

Belfast

Baile Átha Cliath<br>Sionainn<br>Corcaigh<br>Cnoc Mhuire<br>Béal Feirste

Waterford

Galway

Sligo

Donegal

Kerry

Aerfoirt réigiúnacha

Dublin Port

Rosslare Europort

Port of Cork

Belfast Port                                                                                                                            

Srianta taistil

Ó 6 Márta 2022, níl aon srianta maidir le COVID-19 ar thaisteal go hÉirinn.

Ba cheart duit comhairle sláinte poiblí a leanúint má thagann comharthaí COVID-19 chun cinn.

Ceanglais aitheantais agus víosa chun teacht isteach go hÉirinn

Is féidir leat a fháil amach cad iad na doiciméid a bheidh ag teastáil uait chun taisteal go hÉireann.

Seans go mbeidh ort iarratas a dhéanamh ar víosa má tá tú ag taisteal go hÉirinn agus mura saoránach den RA, an Eilvéis, nó tír sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (AE móide an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) tjú.

Is féidir leat seiceáil le féachaint má tá víosa ag teastáil uait.

Cad is féidir leat a thabhairt leat

Ní mór duit cloí leis na liúntais ar leith más mian leat alcól, tobac nó earraí eile a thabhairt isteach go hÉirinn. Más as tír neamh-AE thú, ní mór duit dearbhú airgid thirim a chomhlánú má tá sé i gceist agat breis is €10,000 in airgead tirim a thabhairt isteach sa tír. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil faoi rialacháin chustaim do thaistealaithe go hÉirinn.

Taisteal thart agus an córas iompar poiblí

Tá sé éasca taisteal thart, is cuma má úsáideann tú an córas iompar poiblí nó má fhaigheann tú carr ar cíos in Éirinn.

Áirítear le hiompar poiblí busanna, iarnród, córas tram Luas, tacsaithe, fruilcharranna agus limisíní.

Is féidir leat a fháil amach conas dul go dtí agus ó Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Féadann sé a bheith úsáideach carr a fháil ar cíos in Éirinn chun taisteal. Ní mór ceadúnas tiomána bailí a bheith agat chun tiomáint in Éirinn. Má tá ceadúnas tiomána eachtrach bailí iomlán agat, féadfaidh tú é seo a úsáid ar feadh suas le 12 mhí agus tú ar cuairt go hÉirinn.

Léigh tuilleadh faisnéise faoi thaisteal thart in Éirinn.

Cúram Sláinte in Éirinn

Moltar i gcónaí árachas taistil a fháil roimh thaisteal.

Má tá cuairt á tabhairt agat ar Éirinn, d’fhéadfá a bheith i dteideal seirbhísí sláinte atá saor in aisce nó fóirdheontas, ag brath ar do chúinsí. Léigh tuilleadh faoi sheirbhísí sláinte do chuairteoirí go hÉirinn.

Má tá tú ag tabhairt cuairte ar Éirinn ón AE/LEE agus ón Eilvéis, is féidir leat Cárta Eorpach um Árachas Sláinte bailí a úsáid ó do thír dhúchais chun rochtain a fháil ar chúram sláinte.

Leideanna praiticiúla

Airgeadra

Úsáideann Éire an Euro. Glactar go forleathan le cártaí creidmheasa agus cártaí dochair, ach moltar roinnt méideanna níos lú airgid a bhreith leat.

Teanga

Is iad an Ghaeilge agus an Béarla na teangacha oifigiúla. Is minic a chloisfeá Gaeilge i gceantair thuaithe Ghaeltachta.

Tuilleadh faisnéise

Rudaí le déanamh in Éirinn

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi rudaí le déanamh in Éirinn ó discoverireland.ie. Is féidir leat fiasnéis a fháil ar na cosáin siúlóide ar ár leathanach ar siúl agus fánaíocht.

Ag tiomáint in Éirinn

comhairle chabhrach ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) do thurasóirí a bhíonn ag tiomáint ar na bóithre in Éirinn.

Ag taisteal le peataí

Is féidir leat faisnéis a fháil faoi do pheata a thabhairt go hÉirinn.

Sonraí teagmhála na Roinne Gnóthaí Eachtracha (DFA)

Tá faisnéis faoi víosaí, pasanna agus sonraí teagmhála d’ambasáidí ar shuíomh Gréasáin rialtas na hÉireann DFA.ie.

Seirbhísí Éigeandála

Is í uimhir theileafóin na seirbhísí éigeandála ná 999 nó 112.

Coir a thuairisciú

Tá faisnéis ar fáil maidir le coir a thuairisciú. Tá cabhair ar fáil ó sheirbhís Chúnamh Turasóireachta na hÉireann más íospartach coireachta thú.

Aimsir na hÉireann

Is féidir réamhaisnéis aimsire na hÉireann a sheiceáil ar MET Éireann, seirbhís meitéareolaíochta na hÉireann.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Márta 2024