Seanóirí agus Daoine Scortha

  • Is éard atá an Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach), a thugadh Pinsean Seanaoise Neamh-ranníocach roimhe sin ná an íocaíocht atá ar fáil do dhaoine os cionn 66.

  • Teidlíochtaí íocaíochtaí stáit do dhaoine a dtéann amach ar pinsean luath is cuma má tá siad iomarcach nó gur roghnaigh siad féin dul amach ar pinsean luath. Deanann an doicimead seo cur síos ar ceard iad go díreach a gcuid teideal ó thaobh pinsin fadtéarmacha a choimeád.

  • Má théann tú ar scor ag 65, b’fhéidir go gcáileoidh tú d’íocaíocht sochair go dtí go sroichfidh tú 66. Tá an íocaíocht cosúil le Sochar Cuardaitheora Poist, ach ní gá duit a bheith ag lorg oibre ná ag síniú ag d’ionad Intreo áitiúil.

  • Is éard atá sa Deontas do Dhaoine in Aois a gCéid ná an íocaíocht a thugtar dóibh siúd go bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus do shaoránaigh Éireannacha áirithe go bhfuil cónaí orthu thar lear nuair a shroicheann siad 100 bliain d'aois.

  • Life Event Document Faigh amach faoi raon na n-íocaíochtaí atá ar fáil, agus déan nasc le seicliosta níos leithne de theidlíochtaí do dhaoine aosta.
  • Féadfaidh tú tosú ar do Phinsean Stáit (Ranníocach) a éileamh ag aois ar bith idir 66 agus 70. Míníonn an leathanach seo cé na daoine ar féidir leo a bPinsean Stáit (Ranníocach) a iarchur (moill), rátaí d’aoisghrúpaí éagsúla, agus conas iarratas a dhéanamh.

  • Féadfaidh tú pinsean pro-rata a fháil má tá taifead árachais measctha agat, mar shampla, má d’oibrigh tú san earnáil seirbhíse poiblí agus san earnáil phríobháideach araon.

  • Tá an Pinsean Stáit (Ranníocach), ar a dtugtaí an Pinsean Seanaoise (Ranníocach) roimhe seo, iníoctha le daoine atá 66 bliana d’aois agus níos sine a d’oibrigh agus a d’íoc a ndóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.