Tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist

Réamhrá

Chun cáiliú don Liúntas Cuardaitheora Poist, caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh. Le tástáil mhaoine, scrúdaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí d’fhoinsí ioncaim ar fad chun tástáil an dtiteann tú faoi leibhéal áirithe. Gheobhaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist má thiteann siad faoin leibhéal sin. Braitheann méid an Liúntais Cuardaitheora Poist a fhaigheann tú ar an leibhéal ioncaim atá agat.

Sa tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist, déantar d’ioncam teaghlaigh a mheasúnú. Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí, déantar acmhainní do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a thógáil san áireamh chomh maith.

Uaireanta, ní dhéantar méid áirithe ioncaim nó ioncam ó fhoinsí áirithe a thógáil san áireamh. Is minic a thagraítear d’ioncam nach gcuirtear san áireamh mar "neamhaird ioncaim".

Scrúdaíonn an tástáil mhaoine na cineálacha ioncaim a leanas:

  • Ioncam in airgead tirim (lena n-áirítear ioncam oibre)
  • Maoin atá úsáidte go pearsanta
  • Caipiteal (coigiltis agus infheistíochtaí) agus maoin nach bhfuil úsáidte go pearsanta
  • Leas agus pribhléid ó bheith i do chónaí le do thuismitheoirí

Ioncam airgid thirim

Déantar measúnú sa tástáil mhaoine ar an ioncam ar fad in airgead tirim a thuartar a fháil sa bhliain romhainn. Mura bhfuil sé indéanta d’ioncam don chéad 12 mhí eile a mheas, déantar measúnú ar an bhfigiúr trí mhéid an ioncaim sa bhliain roimhe sin a ríomh.

An t-ioncam in airgead tirim a dhéantar a mheasúnú ná:

Ní chuirtear tromlach na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh san áireamh. Ní chuirfear an deontas cothabhála a sholáthraítear faoin Scéim Deontas Mac Léinn mar mhaoin ach an oiread.

Faigh tuilleadh eolais faoi ioncam in airgead tirim nach gcuirtear san áireamh i dtástáil mhaoine.

Maoin a úsáideann tú go pearsanta

Níl an teach ina bhfuil tú i do chónaí san áireamh sa tástáil acmhainne, ach amháin má tá ioncam á fháil agat uaIdh.

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat, féadfaidh tú suas le €269.23 sa tseachtain (€14,000 in aghaidh na bliana) a fháil chun seomra a ligean ar cíos i do theach féin gan cur isteach ar d’íocaíocht. Níl feidhm aige seo má tá tú  an seomra á ligean ar cíos agat le fostaí nó le neasbhall teaghlaigh. Má fhaigheann tú ioncam cíosa ar bith os cionn €14,000 in aghaidh na bliana, déanfar é a mheasúnú.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin gcaoi a ndéantar measúnú ar mhaoin ina gcónaíonn tú sa tástáil mhaoine le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Caipiteal agus maoin nach bhfuil úsáidte go pearsanta

Áirítear maoin (seachas do theach féin), coigiltis agus infheistíochtaí mar chaipiteal.

Más úinéir maoine tú (seachas do theach) nó má tá infheistíochtaí nó foirm chaipitil eile agat, déantar an luach a mheasúnú ag baint leasa as foirmle caighdeánach (féach thíos) cibé an bhfuil nó nach bhfuil ioncam á fháil agat ón maoin nó infheistíocht.

Má ligeann tú do mhaoin ar cíos, ní dhéanfar d’ioncam cíosa a mheasúnú. Asbhaintear aon mhorgáiste gan íoc atá cláraithe in aghaidh na maoine ón margadhluach chun an luach caipitiúil a fháil.

I measc na réadmhaoine agus na n-infheistíochtaí is féidir a mheasúnú tá na rudaí seo a leanas:

  • Coigiltis i gcuntas bainc (nó áit ar bith eile)
  • Íocaíocht cnapshuime pinsin
  • Teach atá ar cíos agat
  • Stoic agus scaireanna

Má shábhálann tú féin nó do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir cuid de d’íocaíocht leasa shóisialaigh gach seachtain, cuirfear na coigiltis seo (chomh maith le coigilteas ó fhormhór na bhfoinsí eile) san áireamh don tástáil acmhainne.

Seo a leanas an fhoirmle maidir luach an chaipitil a mheasúnú lena n-áirítear do theach (seachas do theach), coigiltis agus infheistíochtaí:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €20,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 de réir €1,000
An chéad €10,000 eile €2 de réir €1,000
Iarmhéid (€40,000 +) €4 de réir €1,000

Má tá comhchuntas agat le do chéile nó do pháirtí, tá úinéireacht ag an mbeirt agaibh ar an méid iomlán atá sa chuntas de réir an dlí. Mar sin is féidir measúnú a dhéanamh air ina iomláine i gcoinne na beirte agaibh. Mar sin féin, má tá tú féin agus do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ag fáil íocaíochtaí atá tástáilte ó thaobh maoine, déanfar iad a mheasúnú ar bhonn roinnte nó do dhuine amháin.

Mar shampla:

Má tá coigiltis €55,000 agat:

Déantar an chéad €20,000 a mheasúnú mar neamhní, €20,000 go €30,000 a mheasúnú mar €10, €30,000 go €40,000 a mheasúnú mar €20, €40,000 agus €55,000 a mheasúnú mar €60.

€10 + €20 + €60 = €90

Tugann coigiltis €55,000 acmhainní de €90 in aghaidh na seachtaine.

Ag cónaí le do thuismitheoirí

Má tá tú 25 bliana d’aois nó faoina bhun agus má tá tú i do chónaí le tuismitheoir nó le leastuismitheoir in áras an teaghlaigh, cuirfear cuid d’ioncam do thuismitheoirí san áireamh nuair atá measúnú á dhéanamh ó thaobh Liúntais Cuardaitheora Poist.

Tugtar measúnú ar 'leas agus pribhléid' ó bheith i do chónaí le do thuismitheoirí ar an measúnú seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi conas a dhéantar leas agus pribhléid a mheasúnú i dtástáil mhaoine.

Acmhainní iomlána

Chun d’acmhainn iomlán a ríomh, suimítear le chéile d’acmhainn faoi na ceannteidil éagsúla (mar shampla, ioncam airgid thirim, fostaíocht, caipiteal, sochar agus pribhléid).

Déantar acmhainní iomlána an teaghlaigh agat a asbhaint ón íocaíocht uasta ansin (féach thíos) chun méid iarbhír an Liúntais Cuardaitheora Poist lena bhfuil tú incháilithe a dhéanamh amach.

Íocaíocht uasta o thaobh do chúinsí

Is íocaíocht uasta o thaobh do chúinsí í an ráta pearsanta Liúntais Cuardaitheora Poist lena n-áirítear méaduithe ar bith do chleithiúnaithe aosaigh agus leanaí cleithiúnacha. Áfach má tá tú pósta nó ag maireachtáil i bhfochair a chéile agus roinntear d’acmhainní faoi leath, ní áirítear an méadú do dhuine fásta cáilithe agus ach amháin leath-ráta an mhéadú do chleithiúnaí linbh san íocaíocht uasta o thaobh do chúinsí.

Má tá a n-íocaíocht leasa shóisialaigh féin á fáil acu, áireofar le d’uasíocaíocht méadú do chleithiúnaí aosaithe agus ní áireofar léi ach méaduithe leath-ráta do do leanaí cleithiúnacha – féach ‘Lúineacha’ thíos.

Cúrsaí aoise agus íocaíocht uasta

Is féidir le d'aois an uasráta íocaíochta le haghaidh do chúinsí a chinneadh. Tá tuilleadh eolais maidir le ráta LCP do dhaoine faoi 25 bliana d’aois ar fáil inár ndoiciméid faoi Liúntas Chuardaitheora Poist.

Lánúineacha

Má tá a n-íocaíocht leasa shóisialaigh féin á fáil ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir (seachas Sochar Linbh, Pinsean Míthreorach, íocaíochtaí caomhnóra, Liúntas Leasa Forlíontach, Liúntas Cúraim BaileLiúntas Cúramóra leath-ráta), nó má tá siad ar chúrsa Breisoideachais agus Oiliúna (FET) nó VTOS agus íocaíocht á fáil acu, féidir leat Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe a fháil dó/di.

Ciallaíonn sé seo gurb é an t-uasmhéid is féidir a íoc leat ná an íocaíocht uasta Liúntais Cuardaitheora Poist do dhuine singil, móide liúntas leath-ráta do gach leanbh cáilithe. Gheobhaidh do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir íocaíocht leathráta do gach leanbh cáilithe in éineacht lena (h)íocaíocht.

Ní chuirtear ach leath (50%) de d’acmhainní comhcheangailte san áireamh sa tástáil mhaoine do do Liúntas Cuardaitheora Poist – ciallaíonn sé seo go ndéantar d'acmhainní comhcheangailte a leath. Cuirfear an leath eile san áireamh sa tástáil acmhainne d’íocaíocht do pháirtí, má tá íocaíocht de réir tástála acmhainne á fáil ag do pháirtí.

Fostaíocht Pobail

Má thosaigh do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir ar scéim FP in 2023, déantar dhá leath de bhur gcomhacmhainní. áireofar méadú i leith aosach cleithiúnach san íocaíocht uasta do do chás. Áireofar arduithe ráta iomlán i leith leanaí cleithiúnacha.

Má thosaigh do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir ar a scéim FP roimh an 1 Eanáir 2023, áireofar san íocaíocht uasta do do chás méadú i leith aosach cleithiúnach agus leanaí cleithiúnacha ar bith atá i gceist. Ní dhéantar dhá leath de bhur gcomhacmhainní agus déantar ioncam FP a <measúnú mar obair pháirtaimseartha>.

Teorannú

Mar sin féin, má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á éileamh agat agus do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialta thíosluaite, ní féidir leis an méid iomlán a íoctar libh a bheith níos mó ná an t-uasmhéid a íoctar le duine aonair (lena n-áirítear duine fásta agus leanaí cleithiúnacha) ar íocaíocht leasa shóisialaigh amháin.

  • Sochar Breoiteachta
  • Pinsean Míchumais (nuair a íoctar in éineacht le Sochar Breoiteachta nó Forlíonadh Éagumais é)
  • Sochar Díobhála
  • Pinsean Easláinte
  • Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Stáit (Idirthréimhseach)
  • Sochar Cuardaitheora Poist
  • Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Cúnamh Feirme (CF)

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á éileamh agat araon, is é an ráta a íoctar le gach duine ná leath den ráta teaghlaigh. Má tá ceachtar agaibh faoi 25, íoctar le gach duine leath den ráta teaghlaigh a bheadh i bhfeidhm maidir leo mar dhaoine aonar.

Mar shampla (rátaí 2024):

Cáilíonn Paul don Liúntas Cuardaitheora Poist. Faigheann a pháirtí Anna Pinsean Easláinte

Roghnaigh Anna agus Paul Pinsean Easláinte Anna mar phríomhíocaíocht seach Liúntas Cuardaitheora Poist Paul mar íoctar an Pinsean Easláinte ag ráta seachtainiúil níos airde.

Éilitheoir faoi 65 bliana ar Phinsean Easláinte (PE) €237.50
Ráta duine fásta cáilithe don IP faoi 65 bliain €169.70
Uasmhéid iníoctha le Anna agus Paul €407.20

Gheobhaidh Paul Liúntas Cuardaitheora Poist de €169.70

Tuilleadh eolais

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil i dTreoirlínte Roinn Coimirce Sóisialaí faoi:

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 Feabhra 2024