Caipiteal agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Cad is caipiteal ann?

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar íocaíocht cúnaimh shóisialaigh, ní mór duit pas a fháil i ‘tástáil acmhainne’. Sa tástáil acmhainne, déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) do fhoinsí ioncaim go léir a mheas, lena n-áirítear:

  • Ioncam airgid
  • Fostaíocht
  • Caipiteal
  • Cothabháil

Is éard is caipiteal ann aon mhaoin ar leatsa é (seachas do thí féin), chomh maith le haon choigilteas, infheistíochtaí, stoic agus scaireanna. Breathnóidh an RCS freisin ar aon chaipiteal a bhaineann le do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir.

Mínítear ar an leathanach seo conas a dhéanann an RCS measúnú ar d’acmhainn ó chaipiteal le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh (seachas an Íocaíocht Teaghlaigh Oibre, toisc nach ndéantar caipiteal a mheasúnú sa tástáil ioncaim seo).

Léigh tuilleadh faoin tástáil acmhainne agus cén ioncam a chuirtear san áireamh.

Conas d’acmhainn a fháil ó chaipiteal

Chun d’acmhainn a fháil ó chaipiteal, ar dtús caithfidh tú do ‘luach caipitiúil iomlán’ a ríomh.

Déanann tú é seo trí:

  1. D’fhoinsí caipitil go léir a shuimiú (mar shampla, maoin, coigilteas, agus infheistíochtaí).
  2. Ansin cuireann tú an fhoirmle ábhartha i bhfeidhm (féach thíos).

Acmhainn ó chaipiteal don chuid is mó d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Úsáid an fhoirmle seo a leanas chun do ‘acmhainn ó chaipiteal’ a mheas le haghaidh gach íocaíocht leasa shóisialaigh (seachas Liúntas Míchumais, Liúntas Cúramóra, agus Liúntas Leasa Forlíontach):

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €20,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €10,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid €4 in aghaidh gach €1,000

Acmhainn chaipitil ó Liúntas Míchumais agus Liúntas Cúramóra

Úsáid an fhoirmle seo a leanas chun d’acmhainn ó chaipiteal don Liúntas Míchumais agus don Liúntas Cúramóra a mheas:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €50,000 Níl
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €10,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid (aon chaipiteal os cionn €70,000) €4 in aghaidh gach €1,000

Liúntas Míchumais agus an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)

Úsáideann na tástálacha acmhainne don Liúntas Míchumais (LM) agus don Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) rialacha éagsúla chun caipiteal a mheasúnú. Ach má tá tú ag aistriú ó LM go dtí an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) ag 66, ní bhfaighidh tú Pinsean ar ráta níos ísle mar gheall ar mheasúnú caipitil nach bhfuil chomh fabhrach.

Acmhainn chaipitil ón Liúntas Leasa Forlíontach

Úsáid an fhoirmle seo a leanas chun d’acmhainn ó chaipiteal don Liúntas Leasa Forlíontach a mheas:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €5,000 Níl
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €25,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Iarmhéid €4 in aghaidh gach €1,000

Conas a dhéantar measúnú ar do mhaoin

Do theach féin

Ní chuirtear san áireamh an teach ina gcónaíonn tú sa mheasúnú ar do mhaoin ó chaipiteal mura bhfuil ioncam á fháil agat uaidh. Má tá ioncam á fháil agat ó do theach (mar shampla, tá seomra ar cíos agat sa teach), déantar measúnú ar an ioncam sin.

Mar sin féin, ní chuirtear ioncam áirithe ó sheomra ar cíos i do theach san áireamh sa tástáil acmhainne. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi a ndéantar ioncam ó chíos a mheas sa tástáil acmhainne.

Do theach a dhíol

Má dhíolann tú do theach, is gnách go gcuirtear fáltais an díola san áireamh mar mhaoin.

Mar sin féin, má tá cónaí ort i gcóiríocht nach n-oireann duit a thuilleadh nó nach bhfuil tú in ann a choimeád a thuilleadh, d’fhéadfá do theach a dhíol agus bogadh chuig cóiríocht níos oiriúnaí agus a mhéid agus €190,500 d’fháltais an díola bheith díolmhaithe ón tástáil mhaoine.

Ní bhaineann an díolúine seo ach amháin má tá ceann de na híocaíochtaí a leanas á fáil agat:

  • Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
  • Liúntas Míchumais
  • Pinsean na nDall

Ina theannta sin, caithfidh tú a bheith ag díol do theach chun:

  • Cóiríocht eile níos oiriúnaí a cheannach nó a fháil ar cíos
  • Bogadh isteach chuig teach príobháideach altranais atá cláraithe faoin Acht Sláinte (Tithe Banaltrais), 1990
  • Bogadh isteach le duine a bhfuil íocaíocht chúramóra á fáil acu duit
  • Bogadh chuig tithíocht dhídeanach nó speisialta sna hearnálacha deonacha, comhoibritheacha, reachtúla nó príobháideacha

Is gnách nach gcuirtear an chéad €190,500 d’fháltais an díola san áireamh. Má úsáideann tú fáltais an díola, áfach, chun cóiríocht níos oiriúnaí a cheannach, tá iarmhéid na bhfáltas i ndiaidh an chóiríocht nua a cheannach díolmhaithe a fhad le teorainn €190,500.

Ioncam infheistíochta ó dhíol do thí

Tá aon rud a rachadh chun do shochair ó fháltais an díola a infheistiú inmheasúnaithe mar mhaoin. Tá aon ús a íocadh agus a coimeádadh inmheasúnaithe mar chaipiteal.

Luaitear i dTreoirlínte Oibriúcháin maidir le Tástáil Mhaoine gur cheart go ndéanfaí lamháltas má tá costais shuntasacha chothabhála le híoc ag duine, ar nós costais teach altranais, as a n-íoctar ag íocaíochtaí úis. Sa chás sin, féadfar neamhaird a thabhairt ar an ús ar an gcaipiteal díolmhaithe (a fhad le €190,500) mar mhaoin.

Ag fágáil do thí agus gan é a dhíol

Má fhágann tú do theach, de bharr seanaoise nó éagumais, ar bhonn sealadach nó ar feadh tréimhse neamhchinnte, ní dhéanfar luach do thí a mheasúnú mar mhaoin. Má bhaintear feidhm bhrabúsach as do theach (mar shampla, má ligtear ar cíos é), measúnófar luach caipitil an tí mar mhaoin.

Dara tithe agus ioncam ó ligin

Níl an teach ina bhfuil tú i do chónaí san áireamh sa mheasúnú ar d’acmhainn ó chaipiteal (féach thuas). Má tá teach agat atá ar cíos, déantar measúnú ort ar luach caipitiúil na maoine. Ní dhéanfar measúnú ort ar an ioncam ón ligean. Asbhaintear aon mhorgáiste gan íoc atá cláraithe in aghaidh na maoine ón luach margaidh chun an luach caipitil a fháil.

Mar sin féin, má tá athstruchtúrú déanta ar mhorgáiste an tí ina bhfuil tú i do chónaí chun caipiteal a chruinniú chun an dara réadmhaoin a cheannach, ní bhainfear an morgáiste athstruchtúraithe seo ón measúnú caipitil ar an dara réadmhaoin.

Maidir le gach dara teach, ní mór go mbeifear in ann an réadmhaoin a dhíol, a ligean ar cíos nó a úsáid go brabúsach sula gcuirfear measúnú luach caipitiúil i bhfeidhm.

Léigh tuilleadh faoin measúnú ar chaipiteal mar acmhainn ar gov.ie.

Cásanna ina ndéantar ioncam ó chíos a mheasúnú

De ghnáth, ní dhéantar measúnú ar ioncam ó réadmhaoin a ligean ar cíos. Mar sin féin, tá roinnt cásanna ina ndéantar ioncam cíosa a mheasúnú:

  • Má tá leas saoil agat i réadmhaoin, déanann an RCS measúnú ar an ioncam cíosa in ionad an luacha caipitil.
  • Má tá éileamh á dhéanamh agat ar mhéadú um dhuine fásta cáilithe le d’íocaíocht árachais shóisialaigh, agus má tá maoin ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir (ina gceart féin nó i gcomhpháirt leatsa), déanann an RCS measúnú ar ioncam cíosa ón réadmhaoin seo chun Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe a íoc. Déantar an t-ioncam cíosa seo a mheasúnú mar airgead tirim sa tástáil acmhainne, agus ní dhéantar luach caipitil na maoine a mheas. Mar sin féin, déanfar an luach caipitiúil a mheas ar an ngnáthbhealach mura bhfuil an réadmhaoin ar cíos – féach ‘Luach caipitil’ thuas.
  • Má dhéanann tú iarratas ar Íocaíocht do Theaghlach Oibre (WFP), cuirfidh an RCS ioncam cíosa ó ligean maoine nó talún san áireamh agus d’ioncam á mheasúnú (ní dhéantar measúnú ar an luach caipitil).

Measúnú ar chaipiteal le haghaidhlánúineacha

Má tá comhchuntas agat le do chéile, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir, is faoi úinéireacht na beirte agaibh an méid iomlán atá sa chuntas, de réir an dlí. Ar an ábhar sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar an méid iomlán i leith na beirte agaibh.

Ar a shon sin, má tá íocaíochtaí cúnaimh shóisialta ar a ndéantar tástáil mhaoine á bhfáil agat agus ag do pháirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir, déanfar measúnú air ar bhonn roinnte nó i leith duine amháin agaibh.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi mheasúnú a dhéanamh ar mhaoin lánúine le haghaidh íocaíochtaí cúnaimh shóisialta.

Tuilleadh eolais

Agus leas á bhaint as an tábla thíos, deimhnigh do luach iomlán caipitil agus do mhaoin sheachtainiúil amhail a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú orthu (seachas Liúntas Míchumais,Liúntas Cúramóra agus Liúntas Leasa Forlíontach):

 

Caipiteal a mheasúnú mar acmhainn

Luach caipitiúil iomlán, ó:

Luach caipitiúil iomlán, suas go dtí:

Méid a measúnaíodh mar acmhainn:

€0.00

€20,999.99

€0.00

€21,000.00

€21,999.99

€1.00

€22,000.00

€22,999.99

€2.00

€23,000.00

€23,999.99

€3.00

€24,000.00

€24,999.99

€4.00

€25,000.00

€25,999.99

€5.00

€26,000.00

€26,999.99

€6.00

€27,000.00

€27,999.99

€7.00

€28,000.00

€28,999.99

€8.00

€29,000.00

€29,999.99

€9.00

€30,000.00

€30,999.99

€10.00

€31,000.00

€31,999.99

€12.00

€32,000.00

€32,999.99

€14.00

€33,000.00

€33,999.99

€16.00

€34,000.00

€34,999.99

€18.00

€35,000.00

€35,999.99

€20.00

€36,000.00

€36,999.99

€22.00

€37,000.00

€37,999.99

€24.00

€38,000.00

€38,999.99

€26.00

€39,000.00

€39,999.99

€28.00

€40,000.00

€40,999.99

€30.00

€41,000.00

€41,999.99

€34.00

€42,000.00

€42,999.99

€38.00

€43,000.00

€43,999.99

€42.00

€44,000.00

€44,999.99

€46.00

€45,000.00

€45,999.99

€50.00

€46,000.00

€46,999.99

€54.00

€47,000.00

€47,999.99

€58.00

€48,000.00

€48,999.99

€62.00

€49,000.00

€49,999.99

€66.00

€50,000.00

€50,999.99

€70.00

€51,000.00

€51,999.99

€74.00

€52,000.00

€52,999.99

€78.00

€53,000.00

€53,999.99

€82.00

€54,000.00

€54,999.99

€86.00

€55,000.00

€55,999.99

€90.00

€56,000.00

€56,999.99

€94.00

€57,000.00

€57,999.99

€98.00

€58,000.00

€58,999.99

€102.00

€59,000.00

€59,999.99

€106.00

€60,000.00

€60,999.99

€110.00

€61,000.00

€61,999.99

€114.00

€62,000.00

€62,999.99

€118.00

€63,000.00

€63,999.99

€122.00

€64,000.00

€64,999.99

€126.00

€65,000.00

€65,999.99

€130.00

€66,000.00

€66,999.99

€134.00

€67,000.00

€67,999.99

€138.00

€68,000.00

€68,999.99

€142.00

€69,000.00

€69,999.99

€146.00

€70,000.00

€70,999.99

€150.00

€71,000.00

€71,999.99

€154.00

€72,000.00

€72,999.99

€158.00

€73,000.00

€73,999.99

€162.00

€74,000.00

€74,999.99

€166.00

€75,000.00

€75,999.99

€170.00

€76,000.00

€76,999.99

€174.00

€77,000.00

€77,999.99

€178.00

€78,000.00

€78,999.99

€182.00

€79,000.00

€79,999.99

€186.00

€80,000.00

€80,999.99

€190.00

€81,000.00

€81,999.99

€194.00

€82,000.00

€82,999.99

€198.00

€83,000.00

€83,999.99

€202.00

€84,000.00

€84,999.99

€206.00

€85,000.00

€85,999.99

€210.00

€86,000.00

€86,999.99

€214.00

€87,000.00

€87,999.99

€218.00

€88,000.00

€88,999.99

€222.00

€89,000.00

€89,999.99

€226.00

€90,000.00

€90,999.99

€230.00

€91,000.00

€91,999.99

€234.00

€92,000.00

€92,999.99

€238.00

€93,000.00

€93,999.99

€242.00

€94,000.00

€94,999.99

€246.00

€95,000.00

€95,999.99

€250.00

€96,000.00

€96,999.99

€254.00

€97,000.00

€97,999.99

€258.00

€98,000.00

€98,999.99

€262.00

€99,000.00

€99,999.99

€266.00

€100,000.00

€100,999.99

€270.00

€101,000.00

€101,999.99

€274.00

€102,000.00

€102,999.99

€278.00

€103,000.00

€103,999.99

€282.00

€104,000.00

€104,999.99

€286.00

€105,000.00

€105,999.99

€290.00

€106,000.00

€106,999.99

€294.00

€107,000.00

€107,999.99

€298.00

€108,000.00

€108,999.99

€302.00

€109,000.00

€109,999.99

€306.00

€110,000.00

€110,999.99

€310.00

€111,000.00

€111,999.99

€314.00

€112,000.00

€112,999.99

€318.00

€113,000.00

€113,999.99

€322.00

€114,000.00

€114,999.99

€326.00

€115,000.00

€115,999.99

€330.00

€116,000.00

€116,999.99

€334.00

€117,000.00

€117,999.99

€338.00

€118,000.00

€118,999.99

€342.00

€119,000.00

€119,999.99

€346.00

€120,000.00

€120,999.99

€350.00

€121,000.00

€121,999.99

€354.00

€122,000.00

€122,999.99

€358.00

€123,000.00

€123,999.99

€362.00

€124,000.00

€124,999.99

€366.00

€125,000.00

€125,999.99

€370.00

€126,000.00

€126,999.99

€374.00

€127,000.00

€127,999.99

€378.00

€128,000.00

€128,999.99

€382.00

€129,000.00

€129,999.99

€386.00

€130,000.00

€130,999.99

€390.00

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2023