Cás-staidéar: Ag obair agus ag éileamh Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)

Ag obair agus ag éileamh Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)

Léiríonn an cás-staidéar seo éifeacht na hoibre ar Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach), ag baint úsáide as rátaí 2024

Cás-staidéar

Tá Joe 67 mbliana d’aois agus tá Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) á éileamh aige le breis agus bliain anuas. Faigheann sé méadú ar a íocaíocht dá bhean chéile, Jean.

Tá Jean 62 bhliain d’aois agus oibríonn sí go páirtaimseartha mar choimeádaí leabhar. Tuilleann sí €130 sa tseachtain (glan). Is ionann glantuilleamh agus tuilleamh iomlán tar éis asbhaintí, ar nós ÁSPC, aoisliúntas agus táillí ceardchumainn.

Níl aon ioncam eile acu, ach tá coigiltis de €56,000 acu.

Faoi láthair, is ionann an íocaíocht phinsin de €441.70 atá ag Joe agus an Uasphinsean Stáit (Neamh-Ranníocach). Is é seo an t-uasráta pearsanta de €266, móide an t-ardú de €175.70 do dhuine fásta cáilithe.

€571.70, sin é ioncam iomlán seachtainiúil Joe agus Jean faoi láthair.

Athruithe ar a gcúinsí

Fuair Joe tairiscint ar obair pháirtaimseartha mar fheighlí i scoil áitiúil. Má ghlacann sé leis an bpost, beidh €260 aige mar ghlanphá seachtainiúil.

Tá Jean ag smaoineamh faoi chur le líon na n-uaireanta a oibríonn sí. €206 a bheadh ina ghlanioncam seachtainiúil nua.

Ba mhaith le Joe a fháil amach cén tionchar a bheidh ar a Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) má thosaíonn sé ag obair sa scoil áitiúil agus má chuireann Jean le líon na laethanta a oibríonn sí.

Acmhainn inmheasúnaithe nua Joe agus Jean

Léirítear sa tábla thíos an chaoi chun ioncam seachtainiúil nua Joe agus Jean a ríomh:

Step 1: Find Joe and Jean’s total assessable income

Joe's assessable income from work (see note 1 below): €60

Add Jean's assessable income from work (see note 2): €6

Add income from savings (see note 3): €16

Total: €82

Step 2: Calculate 50% (half) of Joe and Jean’s total assessable means

€82 divided by 2 = €41 (see note 4 below)

So, the total assessable weekly means is €41.

Step 3: Find Joe’s new weekly rate of State Pension (Non Contributory)

As the couple have weekly means of €41, Joe's personal rate of pension changes to €253.30 (see note 5 below).

His weekly increase for a qualified adult changes to €167.40. 

So, Joe’s new weekly State Pension (Non-Contributory) is €420.90.           

Step 4: Find the couple’s new total weekly income

Joe's State Pension (Non-Contributory): €420.90

Add Joe’s weekly income from work: €260

Add Jean’s weekly income from work: €206

The couple’s new total weekly income will be €886.90. 

 

Nóta 1: Ioncam inmheasúnaithe Joe ón obair

Tuillfidh Joe €260 (glan) in aghaidh na seachtaine. Is féidir leis suas le €200 sa tseachtain a thuilleamh ón bhfostaíocht gan difear a dhéanamh dá Phinsean Stáit (Neamh-ranníocach).

Toisc nach gcuirtear €200 san áireamh don tástáil acmhainne, €60, sin é ioncam inmheasúnaithe Joe ón obair.

Nóta 2: Ioncam inmheasúnaithe Jean ón obair

Tuillfidh Jean €206 (glan) in aghaidh na seachtaine. Mar chéile, is féidir léi suas le €200 a thuilleamh in aghaidh na seachtaine gan difear a dhéanamh do Phinsean Stáit (Neamh-ranníocach) Joe .

Toisc nach gcuirtear €200 san áireamh don tástáil acmhainne, €6, sin é ioncam inmheasúnaithe Jean ón obair.

Nóta 3: Ioncam ó choigilteas do lánúin

Ríomhtar ioncam Joe agus Jean ó choigilteas mar seo a leanas:

An chéad €40,000 Nialas
An chéad €20,000 eile €1 go €1,000 in aghaidh na seachtaine
An chéad €20,000 eile €2 go €1,000 in aghaidh na seachtaine
Barrachas €80,000 €4 go €1,000 in aghaidh na seachtaine

Tá coigiltis de €56,000 ag John agus Jean. Ní chuirtear an chéad €40,000 san áireamh don tástáil acmhainne, ach cuirtear an €16,000 eile san áireamh. Mar sin, €16, sin é a n-ioncam inmheasúnaithe ó choigilteas.

Nótá 4

Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta, nó ag comhchónaí, déantar d’acmhainn iomlán mar lánúin a leath. Fáigh tuilleadh faisnéise maidir le measúnú a dhéanamh ar acmhainn lánúine le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh .

Nótá 5

€253.50, sin é an ráta pearsanta nua de Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) atá ag Joe. Faigheann sé méid breise nó méadú de €167.40 freisin do Jean mar dhuine fásta cáilithe. Féach ar na rátaí pinsin a íoctar tar éis acmhainní a mheasúnú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Márta 2024