Cineálacha pianbhreitheanna
- Réamhrá
- Príosúnacht
- Pianbhreitheanna nach pianbhreitheanna coimeádta iad
- Ciontóirí gnéis agus gáinneála drugaí
- Tuilleadh eolais
Réamhrá
Tá réimse leathan de phianbhreitheanna ar fáil do bhreitheamh atá ag cur pianbhreithe ar dhuine a fuarthas ciontach i gcion coiriúil in Éirinn. Is féidir le pianbhreith a bheith ina pianbhreith choimeádta nó eile, agus áirítear na pianbhreitheanna seo a leanas leo:
Pianbhreitheanna Coimeádta
- Príosúnacht
Pianbhreitheanna Neamhchoimeádta
- Pianbhreitheanna ar fionraí
- Orduithe seirbhíse pobail
- Fíneálacha
- Cuirfiú agus orduithe eisiaimh
- Srian ar orduithe aistrithe
- Orduithe promhaidh
- Bannaí a chur
- An bosca déirce
- Forghéilleadh agus coigistiú
- Cúiteamh
- Dícháiliú
- Formhuiniú agus pointí pionóis ar chionta um thrácht ar bhóithre
- Orduithe do chiontóirí gnéis
- Orduithe do gháinneálaithe drugaí
Ag brath ar an gcion, d'fhéadfadh go mbeadh roghanna oiriúnach nach
pianbhreitheanna coimeádta iad, mar shampla dícháiliú, coigistiú agus
cúiteamh. Tá roghanna eile ann do chiontóirí gnéis nó gáinneála
drugaí.
Príosúnacht
Tá trí chineál shainiúla de roghanna príosúnachta ar fáil do bhreitheamh:
- Pianbhreitheanna sainordaitheacha
- Uas-phianbhreitheanna
- Íos-phianbhreitheanna.
Pianbhreitheanna sainordaitheacha
Is éard is pianbhreith shainordaitheach ann ná pianbhreith a gcaithfear í
a chur ar dhuine gan aird ar aon chúinsí eile. In Éirinn, tá pianbhreith
shainordaitheach de phríosúnacht saoil ag baint le
dúnmharú. Maireann pianbhreith saoil ar feadh an tsaoil. Mar a tharlaíonn i
roinnt tíortha áfach, ní hiondúil go ndéantar gach cuid den phianbhreith
saoil a chaitheamh i bpríosún in Éirinn. Is gné de chórais príosúin go
hidirnáisiúnta agus in Éirinn é príosúnaigh faoi phianbhreith a
scaoileadh go sealadach nó go luath.
Déanann an tAire Dlí agus
Cirt agus Comhionannais comhairle agus moltaí an Bhoird Parúil a
chur san áireamh i gcónaí agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le
príosúnach faoi phianbhreith saoil a scaoileadh as príosún. Faoi láthair,
déanann an Bord athbhreithniú ar phríosúnaigh faoi phianbhreith saoil i
ndiaidh dóibh 12 mbliana a chaitheamh sa phríosún.
Go hiondúil, déantar roinnt athbhreithnithe ar phríosúnaigh faoi
phianbhreith fhada (lena n-áirítear pianbhreith saoil) thar roinnt blianta
sula ndéanfadh an Bord moladh maidir le lamháltais thábhachtacha. Is faoin
Aire amháin atá sé an cinneadh deiridh a dhéanamh maidir le príosúnach
faoi phianbhreith saoil a scaoileadh. D'fhéadfadh go mbeadh éagsúlachtaí
móra ag baint leis na tréimhsí ama faoi choimeád a chaitheann ciontóirí
faoi phianbhreith saoil. Is é 12 bhliain go neasach an mheántréimhse a
chaitear sa phríosún ag daoine faoi phianbhreith saoil ar scaoileadh saor
iad. Níl anseo ach an mheántréimhse áfach; tá príosúnaigh faoi
phianbhreith saoil in Éirinn atá sa phríosún le os cionn tríocha bliain.
Uas-phianbhreitheanna
Tá uas-phianbhreitheanna maidir le gach coir leagtha amach ag an dlí. Mar shampla, má fhaightear ciontach thú i mí-ord foréigneach faoi Alt 15 den Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994, is é príosúnacht 10 mbliana an uas-phianbhreith ar féidir a chur ort.
I gcleachtas, ní ghearrtar pianbhreitheanna uasta ach sna cásanna is tromchúisí. Is faoi bhreitheamh a bhíonn sé i gcónaí breithiúnas a thabhairt, fiú má phléadáil tú ciontach i gcion.
Íos-phianbhreitheanna
Fágtar an phianbhreith faoi rogha an bhreithimh go hiondúil. Tá roinnt
dlíthe ann áfach, a bhaineann an discréid seo den bhreitheamh agus a
chuireann iallach air íos-phianbhreith áirithe ar a laghad a
ghearradh.
Mar shampla, tá foráil ann d'íos-phianbhreith de phríosúnacht 10 mbliana
má fhaightear ciontach thú i sealbhú drugaí ar €13,000 nó níos mó a
luach faoi Alt
15A den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977, Alt 27 den Acht arna leasú ag
Alt 33 den Acht um
Cheartas Coiriúil 2007 (pdf). This Foráiltear dó seo faoi Alt
15 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977, arna leasú ag an Acht um Cheartas
Coiriúil, 2007.
Féach an fhaisnéis ar ‘Pianbhreitheanna éigeantacha íosta ar chionta arm tine’ thíos..
Pianbhreitheanna nach pianbhreitheanna coimeádta iad
Pianbhreitheanna ar fionraí
Is éard atá i bpianbhreith ar fionraí ná go ndéanann an breitheamh pianbhreith phríosúin a ghearradh ach go gcuireann sé ar fionraí í ar choinníollacha áirithe. Mar sin, ní théann tú go príosún mura mbriseann tú na coinníollacha. Tá 3 chomhpháirt i gceist le pianbhreith ar fionraí:
- An téarma príosúnachta (mar shampla, 4 bliana)
- Na coinníollacha a bhaineann lena chur ar fionraí (mar shampla, an tsíocháin a choimeád agus a bheith dea-iomprach nó cóireáil áirithe a fhulaingt)
- An tréimhse lena gcuirtear an phianbhreith ar fionraí
Má bhriseann tú ceann de na coinníollacha laistigh den tréimhse ama lena
bhfuil an phianbhreith ar fionraí, beidh ort an téarma príosúnachta a
ghearradh ort ar dtús a fhulaingt.
Orduithe seirbhíse pobail
Foráiltear d’orduithe seirbhíse pobail (OSPanna) san Acht um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Phobail), 1983 arna leasú ag an Acht um Cheartas Coiriúil (Seirbhís Phobail) (Leasú) (Uimh. 2), 2011. Ciallaíonn OSP gur gá don duine roinnt oibre a dhéanamh a théann chun sochair an phobail. Gearrann breitheamh OSPanna in ionad pianbhreith phríosúin, sa chás go mbeadh an phianbhreith phríosúin 12 mhí nó ní ba lú. Is féidir OSP a dhéanamh má tá tú 16 bliana d’aois nó níos sine.
Ní mór roinnt comaoineacha a chomhlíonadh sula féidir le breitheamh ordú
seirbhíse pobail a ghearradh:
- Ní mór duit a bheith oiriúnach do sheirbhís phobail (Ordaíonn an breitheamh tuairisc phromhaidh agus leasa le cinneadh go bhfuil tú oiriúnach d'ordú seirbhíse pobail)
- Ní mór go mbeadh obair pobail oiriúnach ar fáil duit
- Ní mór duit aontú leis an ordú seirbhíse pobail
Ní féidir le líon iomlán na n-uaireanta don ordú seirbhíse pobail a
bheith os cionn 240 uair, agus ní mór duit an tseirbhís phobail a
chríochnú laistigh d'aon bhliain amháin den ordú.
Fíneálacha
Forálann go leor cionta d'fhíneáil a ghearradh. Go minic, forálfaidh
cionta d'fhíneáil agus/nó do phionós eile (pianbhreith príosúin de
ghnáth), agus ní bheidh i gceist le cionta eile ach fíneáil amháin. Má
bhíonn méid na fíneála os cionn méid áirithe (rang A fíneáil),
d'fhéadfadh go mbeadh an cion lasmuigh de dhlínse na Cúirte Dúiche, toisc nach
bpléann sé ach le mionchionta.
Nuair a ghearrtar fíneáil, is iondúil go sonraíonn an breitheamh tréimhse
ama ina gcaithfidh tú an fhíneáil a íoc. Mura n-íoctar an fhíneáil
laistigh den tréimhse ama sonraithe ag an mbreitheamh, d'fhéadfaí thú a
chur i bpríosún ar feadh tréimhse d'éagmais na híocaíochta. Is iad seo a
leanas na tréimhsí íocaíochta réamhshocraithe sa Chúirt Dúiche:
Tréimhsí réamhshocraithe i bpríosún de bharr gan fíneálacha a
íoc
Méid na Fíneála | Príosúnacht d'éagmais |
Faoi bhun €500 | 5 lá |
Idir €500 agus €1,500 | 10 lá |
Idir €1,500 agus €3,000 | 20 lá |
Os cionn €3,000 | 30 lá |
Faoi Acht na bhFíneálacha (Íocaíocht agus Aisghabháil), 2014, is féidir le breithiúna seirbhís pobail a ghearradh ort seachas thú a chur chun príosúin i ngeall gur theip ort fíneáil a íoc.
Cuirfiúnna agus orduithe eisiata
Uaireanta, baineann breithiúna úsáid as cuirfiúnna agus/nó orduithe
eisiata mar rogha pianbhreithe. Go minic, beidh ordú mar seo i bhfoirm
coinníll bannaí nó de phianbhreith ar fionraí.
D'fhéadfadh an chúirt ordú a dhéanamh a chuirfeadh iallach ort a bheith sa
bhaile ag seoladh ar leith idir uaireanta áirithe den lá nó den oíche. Ar
an gcaoi chéanna, d'fhéadfadh an breitheamh cosc a chur ort a bheith ar
shráid áirithe nó dul isteach in áitreabh áirithe, mar shampla teach
tabhairne nó áitreabh ceadúnaithe.
Orduithe srianta gluaiseachta
Is féidir leis an gcúirt orduithe srianta gluaiseachta a ghearradh faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2006. Cuireann na horduithe seo srian ar do ghluaiseachtaí faoi mar a mheasann an chúirt is cuí. Mar shampla, leagann siad toirmeasc ort ó bheith in áit ar leith ag am éigin, nó d’fhéadfadh cuirfiú a bheith i gceist leo. Is féidir iad a ghearradh má chiontaítear thú i gcionta áirithe (cionta a bhaineann le hord poiblí agus le hionsaí den chuid is mó) agus má ghearrtar príosúnacht de níos mó 3 mhí ort. Forálann an tAcht freisin gur féidir monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh orduithe dá leithéid go leictreonach.
Orduithe promhaidh
Soláthraíonn an Probation of Offenders Act 1907 bealach do na cúirteanna déileáil le ciontóirí céaduaire agus le ciontóirí nach cosúil go mbeidh i dtrioblóid arís, trí chineál de rabhadh oifigiúil a thabhairt dóibh gan pianbhreith a ghearradh orthu. Dá ndéanfaí ordú promhaidh, d'fhéadfadh sé coinníollacha áirithe eile a chur ort, chomh maith le héileamh ort a bheith dea-iomprach, mar seo a leanas:
- Cúiteamh a íoc
- Cónaí in áit áirithe
- Maoirseacht
- Aon choinníoll eile a mheastar a bheith riachtanach chun athdhéanamh an chiona a sheachadadh (mar shampla, freastal ar chomhairleoireacht)
Cuirfear i dtaifead gur bhain tú tairbhe as an Acht Promhaidh. Má thagann tú os comhair na gcúirteanna arís, is féidir é seo a chur san áireamh.
Bannaí
I dteannta le cumhacht na cúirte ordú promhaidh a dhéanamh, tá seanchumhacht ann a cheadaíonn don chúirt banna a chur ort an tsíocháin a choinneáil agus a bheith dea-iomprach. Is éard atá i gceist ná go dtéann tú i gcúirtbhanna (nó banna airgeadais) at feadh tréimhse ama. Má bhíonn tú in achrann laistigh den tréimhse ama atá sonraithe san ordú, beidh ort an méid sin airgid a íoc nó tá seans go gcuirfear i bpríosún thú.
An Bosca Déirce
Is bealach eile é an Bosca Déirce atá ag breithiúna chun déileáil le cionta nach cionta tromchúiseacha iad sa Chúirt Dúiche. D'fhéadfaí iallach a chur ort, dá n-aontófá, méid airgid a íoc isteach i mBosca Déirce na Cúirte. De ghnáth, déantar é seo mar mhalairt ar chion a thaifeadadh i d'aghaidh. Is dóigh nach ndéanfaidh breithiúna an rogha seo a bhreithniú ach amháin maidir le ciontóirí céaduaire a rinne mionchionta, mar shampla bruscar a chaitheamh nó cionta páirceála. Níl an rogha seo ar fáil ach amháin má phléadálann tú ciontach nó má bhíonn cúinsí áirithe ann a mhíníonn d'iompar. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa doiciméad maidir le Bosca Déirce na Cúirte.
Forghéilleadh agus coigistiú
Tugann dlíthe éagsúla an chumhacht do bhreithiúna orduithe a dhéanamh maidir le sealúchas a bhaineann leis an gcion inar ciontaíodh thú a fhorghéilleadh nó a choigistiú. Mar shampla, d'fhéadfaí foilseacháin thoirmiscthe a choigistiú faoi Alt 10 den Acht um Scrúdóireacht Fhoillseachán 1929.
Cúiteamh
Tugann an tAcht um Cheartas Coiriúil 1993 an chumhacht do bhreithiúna ordú duit cúiteamh a íoc nuair a chiontaítear thú. D'fhéadfadh é seo a bheith i dteannta, nó in áit, aon phionóis eile. Tá méid an chúiteamh ar féidir le cúirt a ordú teoranta leis an méid ar féidir leis an gcúirt a dhámhachtain i gcás sibhialta.
Teorainneacha cúitimh na gcúirteanna
Cúirt | Uaschúiteamh |
An Chúirt Dúiche | €15,000 |
An Chúirt Chuarda | €75,000 |
Ní mór don chúirt d'acmhainní agus do thiomantais airgeadais a chur san áireamh agus ordú cúitimh a dhéanamh. Is féidir orduithe cúitimh a chur i bhfeidhm. Mar shampla, is féidir leis an gcúirt ordú um astú tuillimh a dhéanamh.
Dícháiliú
Ní pionós atá i gceist le horduithe dícháiliúcháin, ach cinneadh nach
bhfuil duine inniúil don fheidhm óna bhfuil siad dícháilithe, mar shampla
carr a thiomáint. Iroinnt cásanna, bíonn dícháiliú éigeantach, agus i
gcásanna eile, is féidir leis an gcúirt a roghnú chun dícháiliú a
ghearradh.
Is iad ciontuithe maidir le cionta tiomána na dícháilithe is coitianta. Faoi
Chaibidil 4 d’Acht
na gCuideachtaí, 2014, áfach, d'fhéadfaí duine ar ciontaíodh é i
gcion coiriúil maidir le cuideachta, a dhícháiliú ó phostanna áirithe a
bhaineann le cuideachta a reáchtáil, mar shampla stiúrthóir.
Formhuinithe agus pointí pionóis
Forálann na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre do chóras formhuinithe. Is éard is formhuiniú ann ná iontráil ar thaifead ceadúnais duine d'ordú cúirte dícháilithe nó pointe pionóis. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa doiciméad maidir le pointe pionóis.
Ciontóirí gnéis agus gáinneála drugaí
Orduithe do chiontóirí gnéis
I dteannta leis na roghanna ginearálta pianbhreithe atá ar fáil maidir le
gach cion, is féidir le breitheamh roinnt sainorduithe a dhéanamh nuair atá
cionta gnéis i gceist. Forálann an tAcht um Chiontóirí Gnéis 2001 do seo.
Is iad seo a leanas na horduithe ar féidir le breitheamh a dhéanamh más
ciontóir gnéis ciontaithe thú:
- Ordú fógra: Cuireann sé iallach ort d'ainm agus do sheoladh a chur in iúl do na Gardaí.
- Deimhniú: Dearbhaíonn an deimhniú seo gur ciontaíodh thú i gcion gnéis, do phionóis, agus go bhfuil riachtanas fógra i gceist.
- Oibleagáid le cur in iúl d'fhostóirí: Nuair a chuireann tú isteach ar fhostaíocht lena mbaineann rochtain ar pháistí nó ar dhuine faoi mhíchumas nach bhfuil faoi stiúir, tugtar ordú duit do chiontacht as cionta gnéis a chur in iúl don fhostóir nó don fhostóir féideartha.
- Ordú um chiontóir gnéis: Nuair a chreideann an Chúirt go bhfuil gá ann an pobal a chosaint uait, d'fhéadfaí ordú a dhéanamh chun cosc a chur ort imeachtaí áirithe a dhéanamh.
- Ordú maoirseachta iar-scaoilte: Sa chás go measann an chúirt go bhfuil sé riachtanach, is féidir leis coinníollacha a ghearradh ort nuair a scaoiltear thú ón bpríosún. Déanfaidh an tSeirbhís Phromhaidh agus na Gardaí maoirseacht ar na coinníollacha seo.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil sna doiciméid maidir le Clár na gCiontóirí Gnéis agus maidir
le monatóireacht
a dhéanamh ar chiontóirí gnéis.
Orduithe do chiontóirí gáinneála drugaí
Thug an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 córas isteach do gháinneálaithe
drugaí ciontaithe cosúil lena bhfuil i gceist do chiontóirí gnéis.
Ceadaíonn sé don chúirt ordú a dhéanamh a chuireann iallach a chur ort
d'ainm agus do sheoladh a chur in iúl do na Gardaí.
Ní dhéantar an t-ordú ach amháin má bhíonn an chúirt den tuairim go
mbeadh a leithéid d'ordú cuí ar mhaithe le leas an phobail, agus cúinsí do
cháis a gcur san áireamh. Tá tuilleadh eolais le fáil sa cháipéis ar Chlár na gCiontóirí
Drugaí.
Tuilleadh eolais
Íos-phianbhreitheanna do chionta airm tine
Baineann íos-phianbhreitheanna sainordaitheacha le cionta áirithe airm tine. Is iad seo a leanas na cionta lena mbaineann na pianbhreitheanna seo. Tá discréid ag an mbreitheamh i gcás an chéad chiona.
- Seilbh ar arm tine le hintinn duine a chur i gcontúirt bháis: íosmhéid de 10 mbliana de phríosúnacht
- Arm tine a bheith ag duine agus é ag tógail feithicle gan údarás: íosmhéid de 5 bliana de phríosúnacht
- Arm tine a úsáid chun comhrac in aghaidh gabhála nó cabhrú le héalú: íosmhéid de 10 mbliana de phríosúnacht
- Arm tine nó lón lámhaigh a shealbhú in imthosca amhrasacha: íosmhéid de 5 bliana de phríosúnacht
- Arm tine a iompar le hintinn choiriúil: íosmhéid de 5 bliana de phríosúnacht
- Bairille gunna gráin nó raidhfil a ghiorrú: íosmhéid de 5 bliana de phríosúnacht