Pleananna Forbartha

Cad is plean forbartha ann?

Déantar cur síos i bpleananna forbartha ar an gcaoi a fhorbróidh agus a úsáidfidh d’údarás áitiúil limistéir áirithe i do cheantar údaráis áitiúil, mar shampla:

  • Limistéir chónaithe
  • Limistéir thráchtála
  • Limistéir thionsclaíocha
  • Limistéir áineasa
  • Limistéir thalmhaíochta

Leagtar amach ann freisin na cuspóirí forbartha do do cheantar údaráis áitiúil, mar shampla pleananna chun bóithre agus taitneamhachtaí áitiúla a fheabhsú.

Bíonn ráiteas scríofa agus sraith léarscáileanna i bpleananna forbartha.

Cá fhad a mhaireann plean forbartha?

Maireann plean forbartha ar feadh 6 bliana. Ní mór d’údaráis áitiúla tús a chur leis an obair chun plean nua forbartha a chur le chéile 4 bliana i ndiaidh dháta tosaigh an phlean dheireanaigh.

Tá sé beartaithe sa Bhille um Pleanáil agus Forbairt 2023 saolré pleananna forbartha a shíneadh ó 6 bliana go dtí 10 mbliana, agus athbhreithniú le déanamh orthu tar éis 5 bliana. Beidh an creat ama beartaithe sin ag teacht leis an tráth a bheidh sonraí ón nDaonáireamh ar fáil chun go mbeidh cur chuige níos straitéisí ann i leith na pleanála. Is gá an Bille um Pleanáil agus Forbairt a rith le go dtiocfaidh an t-athrú seo isteach.

An imríonn pleananna náisiúntationchar ar phleananna forbartha áitiúla?

Caithfidh pleananna forbartha a bheith comhoiriúnach do straitéisí pleanála réigiúnaí agus náisiúnta, an méid seo a leanas ina measc:

  • An Creat Náisiúnta Pleanála, a leagann an straitéis náisiúnta amach d’fhorbairtí.
  • Na Straitéisí Spásúlachta agus Geilleagracha Réigiúnacha, ina sonraítear pleananna do na 3 limistéar réigiúnacha in Éirinn
  • An Plean Náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide, ina leagtar amach an chaoi a bhainfimid amach ár spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa

Déanann Oifig an Rialálaí Pleanála scrúdú ar gach plean forbartha lena chinntiú nach dtagann sé salach ar straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha.

Caithfidh tuarascáil chomhshaoil a bheith ag pleananna forbartha freisin ina dtugtar chun solais aon éifeacht shuntasach chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag an bplean.

An féidir liom aiseolas a thabhairt faoi phlean forbartha?

Is féidir. Lorgaíonn údaráis áitiúla aiseolas ón bpobal nuair a bhíonn siad ag oibriú ar phlean forbartha nua.

Cathain is féidir liom aiseolas a thabhairt faoi phlean forbartha?

Agus plean forbartha nua á ullmhú, cuirfidh d’údarás áitiúil in iúl don phobal go bhfuil sé i gceist acu athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean. Déanfaidh siad é seo trí úsáid a bhaint as:

  • Na meáin áitiúla nó náisiúnta
  • Na meáin shóisialta
  • Cainéil eile bunaithe ar an ngréasán

Is féidir leat breathnóireacht, aighneachtaí agus moltaí a dhéanamh ag an tráth seo.

Foilsíonn an t-údarás áitiúil fógra ansin lena thabhairt le fios go bhfuil dréachtphlean ar fáil. Taispeántar an plean seo go poiblí ar feadh ar a laghad 10 seachtaine. Is féidir leat aighneachtaí a dhéanamh ar an méid atá ar na bacáin ag an údarás áitiúil ag an gcéim seo. Más infheidhme, is féidir leat páirt a ghlacadh freisin ag céim an dréachtphlean leasaithe.

Téitear i gcomhairle le gníomhaireachtaí éagsúla reachtúla agus le heagraíochtaí deonacha agus pobail i do cheantar freisin agus iarrtar orthu aon sainchomhairle a thabhairt agus aon bhreathnóireacht a dhéanamh sula ndéantar an plean a thabhairt chun críche. Mar shampla, roinnt gníomhaireachtaí stáit agus eagraíochtaí deonacha agus pobail.

Is féidir le h’údaráis áitiúla comhairliúcháin phoiblí a chur ar siúl faoi phleananna forbartha ar líne nó i bpearsan.

Caithfear breithniú a dhéanamh ar na haighneachtaí go léir a dhéantar laistigh de na hamfhrámaí a shonraítear sula nglacfar leis an bplean deiridh.

An féidir le plean forbarthationchar a imirt ar m’iarratas ar chead pleanála?

Déantar na hiarratais pleanála go léir i do cheantar a thomhas in aghaidh an phlean forbartha. Is gnách nach dtabharfar cead pleanála ach nuair a bhíonn an t-iarratas ar aon dul leis an bplean.

Mar shampla, beidh limistéir éagsúla "cónaithe" nó "tionsclaíoch" sa phlean. Tugann seo le fios go bhféadfaí cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí den saghas cuí.

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar chead pleanála, go háirithe chun teach a thógáil, ba cheart duit súil a chaitheamh ar a bplean forbartha i do cheantar ar dtús.

Tuilleadh faisnéise faoi phleananna forbartha

Find out more about the planning system in Ireland (pdf).

Tá doiciméad úsáideach ag Gov.ie ag Development Plans - Guidelines for Planning Authorities (pdf) [Pleananna Forbartha - Treoirlínte d'Údaráis Phleanála].

Tá Guide to the Development Plan (pdf) [Treoir maidir leis an bPlean Forbartha] foilsithe ag Oifig an Rialtóra Pleanála.

Is féidir leat dul i dteagmháil le duine ó d’údarás áitiúil le haghaidh tuilleadh eolais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Márta 2024