Vacsaíniú niúmacocúil
- Réamhrá
- Cad is galar niúmacocúil ann?
- Vacsaín niúmacocúil
- Cé ba chóir dóibh an vacsaín a fháil?
- Conas an vacsaín niúmacocúil a fháil
- Rátaí
- Tuilleadh eolais
Réamhrá
Is cineál tinnis baictéarach tromchúiseach é galar niúmacocúil. Má théann sé isteach i do scamhóga nó i do shruth fola, féadfaidh do don bheatha a bheith i mbaol (go háirithe má tá tú scothaosta nó leochaileach go míochaineach). Mar sin féin, is féidir le vacsaín niúmacocúil (ar a dtugtar an vacsaín niúmóine freisin) cabhrú le tú a chosaint. Tá an vacsaín saor in aisce do ghrúpaí áirithe daoine atá i mbaol níos airde ón tinneas.
Cad is galar niúmacocúil ann?
Baictéir ar a dtugtar ‘streptococcus pneumoniae’ is cúis le galar niúmacocúil.
Uaireanta bíonn tinnis atá bagrach don bheatha mar thoradh air, lena n-áirítear:
- Niúmóine
- Meiningíteas
- Septicéime (seipsis)
D'fhéadfadh sé a bheith ina chúis le breoiteacht nach bhfuil chomh tromchúiseach, mar ionfhabhtuithe logánta. Má tá tú ionfhabhtaithe ag an mbaictéir, féadfaidh tú galar niúmacocúil a scaipeadh ar dhaoine eile trí shraothartach nó trí chasacht. Is féidir leat é a scaipeadh freisin trí bheith i ndlúth-theagmháil le daoine eile. Féadfaidh tú galar niúmacocúil a fháil ag aois ar bith. Mar sin féin, is iad daoine scothaosta, leanaí óga, agus daoine le riochtaí míochaine fadtéarmacha is mó atá i mbaol.
Vacsaín niúmacocúil
Is féidir leis an vacsaín niúmacocúil cabhrú le tú a chosaint ar ghalar niúmacocúil. Nuair a gheobhaidh tú an vacsaín niúmacocúil, tosóidh do chóras imdhíonachta ar antasubstaintí a dhéanamh. Ansin, má bhíonn tú i dteagmháil leis an mbaictéir, troidfidh na hantasubstaintí seo ina coinne agus cosnóidh siad tú ar a bheith tinn.
Ní féidir leat galar niúmacocúil a fháil ón vacsaín.
Tá 2 chineál vacsaín niúmacocúil ar fáil in Éirinn. Tugtar ‘Vacsaín comhchuingeach niúmacocúil’ (PCV) ar an gcéad chineál, a thugtar do gach leanbh.
Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoin gclár imdhíonta óige.
Tugtar ‘vacsaín polaisiúicríde niúmacocúil’ (PPV23) ar an dara cineál vacsaín. Ba cheart duit an vacsaín PPV23 a fháil má tá tú:
- Os cionn 65 bliana d’aois, nó
- Os cionn 2 bhliain d’aois agus riocht sláinte fadtéarmach ort
Cé ba chóir dóibh an vacsaín a fháil?
Moltar go láidir duit an vacsaín niúmacocúil a fháil má tá tú:
- Os cionn 65 bliana d’aois
Nó, má tá:
- Diaibéiteas
- Galar céiliach
- Siondróm Down
- Galar ainsealach scamhóg, croí, ae nó duáin
- Galar néareolaíoch ainsealach
- Imdhíonacht íseal (mar gheall ar bhreoiteacht nó ar chóireáil leanúnach)
- VEID
- Liathán in easnamh nó neamhfheidhmiúil
- ionphlandú cochla (nó ar tí ionphlandú cochla hlear a fháil)
- Stair de ghalar niúmacocúil ionrach (i gcás leanaí 2-5 bliana d’aois)
- Sceitheadh sreabháin cheirbreadhromlaigh
- Shunt intracranial
Conas an vacsaín niúmacocúil a fháil
Más duine tú ó ghrúpa i mbaol (féach thuas), ba cheart duit labhairt le do dhochtúir teaghlaigh maidir leis an vacsaín niúmacocúil a fháil. Mura bhfuil dochtúir teaghlaigh agat, is féidir leat dochtúir teaghlaigh a aimsiú i do cheantar.
Féadfaidh tú an vacsaín a fháil freisin ó d’altra cleachtais nó cógaiseoir (faoi réir í a bheith ar fáil).
Mura bhfuil tú i mbaol, ní mholtar duit an vacsaín niúmacocúil a fháil.
Rátaí
Má tá tú os cionn 65, nó má tá tú i ngrúpa atá i mbaol, tá an vacsaín niúmacocúil saor in aisce. Mar sin féin, b’fhéidir go mbeidh ort táille comhairliúcháin a íoc le do dhochtúir teaghlaigh nó le d’altra cleachtais.
Ní bheidh ort táille comhairliúcháin a íoc má tá cárta leighis nó cárta cuairte Dochtúra Teaghlaigh agat.
Tuilleadh eolais
Tá tuilleadh eolais faoin vacsaín niúmacocúil curtha ar fáil an Oifig Náisiúnta Imdhíonta