An Coimisiún Toghcháin

Cé a rialaíonn toghcháin in Éirinn?

Is é An Coimisiún Toghcháin an comhlacht reachtúil neamhspleách a dhéanann maoirseacht ar thoghcháin in Éirinn.

Bunaithe ar an 9 Feabhra 2023, tá comhdhéanamh agus feidhmeanna an Choimisiúin leagtha amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022.

Tá An Coimisiún Toghcháin tagtha in ionad an Choimisiúin Reifrinn.

Feidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin

Tá feidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin leagtha amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022, agus san áireamh:

  • An pobal a chur ar an eolas faoi reifrinn
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar thoghcheantair agus ar theorainneacha dáilcheantair le haghaidh olltoghcháin, toghcháin Eorpacha agus áitiúla
  • Ag insint don phobal faoi conas vótáil agus daoine a spreagadh chun vótáil i reifrinn agus toghcháin
  • Clár na bPáirtithe Polaitíochta a chothabháil
  • Maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú Chlár na dToghthóirí ag údaráis áitiúla
  • Fógraíocht pholaitiúil ar líne a rialáil

Athbhreithniú ar thoghcheantar an Choimisiúin Toghcháin 2023

An 30 Lúnasa 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin a athbhreithniú ar thoghcheantair na hÉireann. Molann an tuairisc:

  • Méadaítear líon na dTeachtaí Dála i nDáil Éireann go 174 (ó 160)
  • Méadaítear líon na dtoghcheantar Dála go 43 (ó 39)

Ní tharlóidh na hathruithe seo gan reachtaíocht. Is féidir leat an tuarascáil iomlán agus a moltaí (pdf) a léamh.

Tuilleadh faisnéise

Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoin gCoimisiún Toghcháin ar a shuíomh gréasáin.

An Coimisiún Toghcháin

Caisleán Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2
D02 X8X8

Láithreán Gréasáin: https://www.electoralcommission.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Márta 2024