Páirtí polaitiúil a chlárú in Eirinn.

Clár na bPáirtithe Polaitíochta

Is féidir le hiarrthóirí ag toghcháin ar baill iad de pháirtí cláraithe ainm a bpáirtí a chur lena n-ainm féin ar an bpáipéar ballóide. Mura bhfuil an páirtí lena mbaineann tú ar an gClár, deirtear gurb iarrthóir neamhpháirtí thú ar an bpáipéar ballóide.

An Coimisiún Toghcháin freagrach as Clár na bPáirtithe Polaitíochta. Is é an Cláraitheoir a Príomhfheidhmeannach.

Faoi Alt 43 den Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022, is féidir iarratas a dhéanamh chuig Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta chun do pháirtí polaitíochta féin a chlárú in aon cheann de na toghcháin seo a leanas in Éirinn:

  • Toghcháin na Dála
  • Toghcháin na hEorpa
  • Toghcháin áitiúla

Critéir le haghaidh clárú

Chun páirtí polaitíochta a chlárú, ní mór duit an Cláraitheoir a shásamh go bhfuil do pháirtí eagraithe chun dul san iomaíocht i dtoghcháin.

Is féidir leat ainm páirtí agus suaitheantas a chlárú.

Is féidir leat páirtí polaitíochta a chlárú chun dul san iomaíocht i ngach toghchán nó chun dul san iomaíocht i dtoghcháin áitiúla amháin. Tá rialacha éagsúla i bhfeidhm más mian leat clárú chun dul san iomaíocht i dtoghcháin áitiúla amháin.

Clár na bPáirtithe Polaitíochta ar fáil ar líne. Is féidir le duine ar bith Clár iomlán na bPáirtithe Polaitíochta a scrúdú ach dul i dteagmháil leis an gCoimisiún Toghcháin.

Is féidir le hiarrthóirí ó pháirtithe neamhchláraithe rith i dtoghcháin, ach ní bheidh ainm an pháirtí le feiceáil ar an bpáipéar ballóide.

Líon comhaltaí an pháirtí ionadaithe tofa

 
  Cibé
Gach toghchán Ar a laghad 300 ball curtha i dtaifead* TD nó Feisire Pharlaimint na hEorpa amháin ag tráth an chláraithe
Toghcháin áitiúla amháin Ar a laghad 100 ball curtha i dtaifead* 3 chomhairleoir ag tráth an chláraithe

*Caithfidh baill a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine agus caithfidh ar a laghad leath díobh a bheith ar chlár na dtoghthóirí.

Is féidir leat páirtí a chlárú chun dul san iomaíocht i dtoghchán i réigiún ar leith in Éirinn (mar shampla, páirtí a bhfuil feachtas á dhéanamh aige go mbeidh níos mó seirbhísí áitiúla ann). Sa chás seo, teastaíonn ar a laghad 100 ball uait.

Bunreacht agus riarachán

Anuas air sin, caithfidh an páirtí bunreacht, meabhrán nó cáipéis nó sraith rialacha eile a bheith aige ar ghlac an páirtí leo agus a dhéanann soláthar don mhéid seo a leanas:

•Cruinniú nó comhdháil bhliantúil nó thréimhsiúil eile an pháirtí

•Coiste feidhmiúcháin nó a mhacasamhail eile de chomhlacht a rinne an páirtí a thoghadh, a riarann gnó an pháirtí.

Rialacha eile le haghaidh clárú

Ní bheidh páirtí cláraithe sna cásanna seo a leanas:

•Tá an t-ainm díreach mar an gcéanna le hainm, giorrúchán nó acrainm aon pháirtí chláraithe nó átá chomh cosúil le hainm, giorrúchán nó acrainm páirtí gur dóchúil go gcuirfidh sé mearbhall ar an bpobal

•Tá breis agus 6 fhocal san ainm

•I gcás páirtí a oibrítear maidir le cuid ar leith den Stát, ní áirítear tagairt dhóthanach leis don chuid sin lena chur in iúl go soiléir nach n-oibríonn an páirtí ach maidir leis an gcuid sin.

Suaitheantais pháirtí

Ní dheonófar iarratas chun suaitheantas páirtí polaitíochta a chlárú sna cásanna seo a leanas:

•Is dóchúil go gceapfaidh vótálaithe gur suaitheantas cláraithe eile a úsáideann páirtí eile é

•Tá an suaitheantas graosta nó maslach

•Tá an suaitheantas den charachtar sin gur dhóchúil go ndéanfá cion dá bhfoilseofaí é

•Tá focal nó nath ann, a chuirfeadh cosc ar an bpáirtí a chlárú dá mbeadh sé mar chuid d’ainm an pháirtí nó dá mba ainm an pháirtí é.

Faisnéis do Chlár na bPáirtithe Polaitíochta

Iontráiltear na sonraí seo a leanas i gClár na bPáirtithe Polaitíochta:

•Ainm an pháirtí, aon ghiorrúchán nó acrainm

•An suaitheantas, má deonaíodh an t-iarratas ar a chlárú

•Seoladh cheanncheathrú an fhostóra

•Ainm nó ainmneacha an oifigigh nó na n-oifigeach atá údaraithe le deimhnithe a shíniú a fhíordheimhníonn iarrthóirí an pháirtí ag toghcháin

•An saghas nó na saghsanna toghcháin ar cláraíodh an páirtí go n-eagrófar iad chun dul san iomaíocht

•Nuair a cláraíodh an páirtí amhail bheith eagraithe chun dul san iomaíocht i dtoghcháin i gcuid shonraithe den Stát, tagairt dó sin agus don chuid den Stát atá i gceist

•Ainm aon ghrúpa pholaitiúil lena bhfuil an páirtí cleamhnaithe

•Ainm agus seoladh gach aonad cuntasaíochta (mar shampla, brainse) an pháirtí polaitíochta agus ainm agus seoladh an duine (mar shampla, cisteoir) an aonaid chuntasaíochta atá freagrach as déileáil le tabhartais

Diúltú agus achomhaircchláraithe

Nuair a rinne an Cláraitheoir breithniú ar d’iarratas ar chlárú, cuirfear ar an eolas thú ar an gcinneadh. Má dhiúltaítear don iarratas, cuirfidh an Cláraitheoir ar an eolas thú ar na cúiseanna a bhí leis an diúltú agus ar shonraí faoi conas achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh.

Foilsítear fógraí faoi chinntí in Iris Oifigiúil (iris oifigiúil Rialtas na hÉireann).

Ní mór achomhairc a thaisceadh le Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin laistigh de 21 lá ó fhoilsiú an chinnidh san Iris Oifigiúil. Ní mór éarlais €500 a chur isteach freisin.

Íoctar an éarlais ar ais leis an duine a bhfuil an t-achomharc á dhéanamh acu, murach go ndéanann an bord achomhairc an cinneadh go raibh an t-achomharc éadrom (ní raibh sé tromchúiseach) nó cráiteach (beartaíodh go mbeadh sé ina chúis le míshásamh).

Conas iarratas a dhéanamh

Líon isteach an fhoirm iarratais le bheith san áireamh i gClár na bPáirtithe Polaitíochta. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi Chlár na bPáirtithe Polaitíochta ó An Coimisiún Toghcháin.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Oifig Chláraitheoir na bPáirtithe Polaitiúla

Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 (0)1 618 3314 / 3438
Facs: +353 (0)1 618 4102
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Iúil 2023