Saoire foréigin teaghlaigh

Cad is saoire foréigean teaghlaigh ann?

Má tá foréigean agus mí-úsáid baile á fhulaingt agat, b’fhéidir go mbeidh ort am a thógáil saor ón obair mar gheall ar chúrsaí práinneacha agus riachtanacha a bhaineann le do chás.

D’fhéadfadh coinní dochtúra, imeachtaí dlí, comhairleoireacht, cóiríochta eile do lorg nó rochtain ar sheirbhísí foréigean baile a bheith i gceist anseo. B’fhéidir nach mbeifear in ann na nithe sin a dhéanamh lasmuigh de na huaireanta oibre atá agat nó b’fhéidir go mbeadh ort iad a cheilt ar an ndrochúsáideoir.

Ó bhí 27 Samhain 2023 ann, tá ceart dlíthiúil agat 5 lá de shaoire foréigin teaghlaigh íoctha a fháil más gá duit am saor ón obair a thógáil mar gheall ar an mí-úsáid.

Ní gá duit a bheith ag obair i do phost ar feadh méid áirithe ama chun cáiliú.

Ní gá duit fógra a thabhairt do d’fhostóir an tsaoire a ghlacadh i gcúinsí éigeandála. Mar sin féin, ba cheart duit fógra a thabhairt más féidir leat.

Féadfaidh an foréigean baile a bheith ag tarlú fós nó gur tharla sé san am atá thart.

Tig an teidlíocht do shaoire foréigean teaghlaigh ón Acht um um Chothromaíocht Oibre agus Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023.

Má tá tú ag tacú le duine éigin

Féadfaidh tú an tsaoire seo a ghlacadh má tá tú ag tabhairt tacaíochta do ‘dhuine ábhartha’ ar nós páirtí.

tá imní ort faoi dhuine de do lucht aitheantais, is féidir leat glaoch ar Líne Chabhrach Saorghlao Náisiúnta 24 uair an chloig de chuid Women’s Aid ar 1800 341 900.

céimeanna simplí ar láithreán gréasáin Woman’s Aid chun tacaíocht mhothúchánach agus phraiticiúil a sholáthar.

Cineálacha mí-úsáide

Áirítear le foréigean agus mí-úsáid baile foréigean, nó bagairt foréigin, lena n-áirítear mí-úsáid mhothúchánach, fhisiciúil, ghnéasach, dhigiteach agus eacnamaíoch agus rialú comhéigeantach. Is féidir le mí-úsáid tarlú d’aon duine ag aois ar bith agus in aon chineál caidrimh. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi fhoréigean agus mí-úsáid baile, cosaintí cúirte, agus eagraíochtaí agus seirbhísí ar féidir leo cabhair a thabhairt duit.

Má cheapann tú go bhfuil tú, nó duine éigin a bhfuil aithne agat air, ina íospartach mí-úsáide baile is féidir leat faisnéis a fháil ar an gcaoi chun caidreamh drochídeach a aithint agus cá háit a dtig leat cabhair a fháil.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Tá gach fostaí a d'fhualaing nó atá ag fulaingt mí-úsáide faoi láthair i dteideal saoire foréigin baile.

Tá tú i dteideal saoire más rud é gurb é an duine a dhéanann an foréigean baile agus an mhí-úsáid baile:

  • Céile nó páirtí sibhialta
  • Comhchónaitheoir
  • Páirtí reatha nó dlúth-iarpháirtí (buachaill nó chailín cara atá agat anois nó a bhí agat)
  • Leanbh atá os cionn 18 agus nach bhfuil ag brath ort ó thaobh airgeadais de

Tá tú i dteideal saoire foréigin baile má tá tú ag tacú le ‘duine ábhartha’. Is éard is ‘duine ábhartha’’ ann ná duine a d’fhulaing nó atá ag fulaingt foréigean nó mí-úsáide baile agus is é/í an duine sin:

  • Céile nó páirtí sibhialta
  • Comhchónaitheoir
  • Dlúthpháirtí
  • Leanbh faoi 18
  • Duine cleithiúnach eile

Ní gá duit a bheith i do phost ar feadh méid áirithe ama chun cáiliú don saoire.

Conas saoire foréigean baile a úsáid

Is féidir an tsaoire a ghlacadh chun ligean duit féin, nó don duine a bhfuil tú ag tacú leis, aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Cabhair leighis a fháil
  • Rochtain a fháil ar sheirbhísí ó eagraíocht a chuireann seirbhísí ar fáil d’íospartaigh
  • Rochtain a fháil ar chomhairleoireacht
  • Athlonnú go sealadach nó go buan
  • Ordú sábháilteachta nó cúirte a fháil
  • Cabhair nó comhairle a fháil ó chleachtóir dlí ar nós aturnae
  • Cabhair a fháil ón nGarda Síochána
  • Rochtain a fháil ar aon seirbhísí ábhartha eile

Cé mhéad saoire foréigin baile atá le fáil?

Tá sé de cheart agat 5 lá de shaoire foréigin baile a fháil in aon 12 mhí as a chéile. Seo an teidlíocht reachtúil (ciallaíonn sé sin an t-íosmhéid dlíthiúil). Is féidir le d’fhostóir níos mó ná an teidlíocht reachtúil a thabhairt duit agus féadfaidh siad saoire speisialta bhreise le pá nó gan phá a thabhairt duit más gá.

Má oibríonn tú go páirtaimseartha, tá tú i dteideal saoire foréigin baile ar bhonn pro-rata. Ciallaíonn sé seo, mar shampla, má oibríonn tú 50% de ghnáthsheachtain oibre, go bhfuil tú i dteideal 2.5 lá saoire.

Ní gá an saoire a ghlacadh go léir ag an am céanna. Is féidir é a ghlacadh mar laethanta singil nó iolracha. Áirítear neamhláithreacht ar feadh cuid de lá mar lá amháin.

An mbeidh tionchar aige ar mo phá?

Íocann d’fhostóir saoire foréigin baile ag do ráta iomlán pá.

Ní mór duit a bheith íoctha ag do ghnáthráta pá laethúil. Níor cheart go ndéanfadh d’fhostóir aon tagairt do shaoire foréigin baile ar do dhuillín pá.

Cad is gnáthphá laethúil ann?

Áirítear le do ghnáthphá laethúil aon bhónas nó liúntas rialta nach n-athraíonn ó sheachtain go seachtain (ach ní áirítear ragobair nó coimisiún).

Má athraíonn do phá ó sheachtain go seachtain, is é do phá as saoire foréigin baile meán do phá thar na 13 seachtaine sula mbíonn tú ar saoire. D’fhéadfadh sé seo tarlú, mar shampla, mar gheall ar íocaíochtaí rialta bónais nó liúntais.

Conas iarratas a dhéanamh

Seiceáil an bhfuil polasaí maidir le foréigean baile ag d’fhostóir san ionad oibre agus lean an próiseas chun iarratas a dhéanamh ar shaoire agus ar thacaíochtaí eile atá ar fáil.

An gá dom fógra a thabhairt do m’fhostóir?

Ní gá duit fógra a thabhairt do d’fhostóir saoire foréigin baile a thógáil i gcúinsí éigeandála.

Ba chóir duit fógra a thabhairt más féidir leat, nó chomh luath agus is féidir tar éis duit é a thógáil.

An méid a d'fhualaing tú a nochtadh do d'fhostóir

Má fhaigheann tú tacaíocht ó d’fhostóir ní mór duit do thaithí a nochtadh do dhuine éigin ag an obair. I bhformhór na bpost, de ghnáth insíonn fostaithe dá mbainisteoir díreach faoi asláithreachtaí.

Nó, féadfaidh d’fhostóir duine sainiúil nó ainmnithe a shannadh chun cúrsaí a bhaineann le saoire foréigin baile agus tacaíocht eile atá ar fáil a láimhseáil. D’fhéadfadh an duine ainmnithe a bheith ina bhainisteoir AD nó ina úinéir gnó.

Ba cheart do d’fhostóir a chinntiú go bhfuil an duine ainmnithe oilte go maith chun nochtadh fostaithe a láimhseáil i gceart.

An féidir le m’fhostóir cruthúnas a iarraidh?

Ní gá duit aon fhaisnéis tacaíochta nó fianaise a thabhairt do d’fhostóir agus tú ag iarraidh saoire foréigin baile.

D’fhéadfadh cásanna eisceachtúla a bheith ann ina bhféadfadh d’fhostóir doiciméid tacaíochta a iarraidh, ach is annamh a iarrtar seo agus níl sé ag teacht le cuspóirí an dlí.

Rúndacht

Ba chóir go gcaithfeadh d’fhostóir le haon fhaisnéis a nochtann tú faoi fhoréigean baile go tuisceanch agus go rúnda.

Níor cheart dóibh an fhaisnéis a roinnt ach leis na daoine sin a bhfuil sé de dhíth orthu le haghaidh pleananna sábháilteachta nó le haghaidh saoire foréigin baile a riaradh. Go hidéalach, ba cheart go bhfaigheadh d’fhostóir do chead i scríbhinn roimh aon faisnéise a roinnt.

Ní chiallaíonn faisnéis roinnte i gcónaí briseadh rúndachta. Is féidir le d’fhostóir bealaí a aimsiú chun sonraí a roinnt gan d’aitheantas nó toisc gur nocht tú foréigean teaghlaigh a nochtadh.

Do chearta fostaíochta

Go ginearálta, déileálfar leat amhail is go bhfuil tú ag obair le linn saoire foréigin baile.

Ciallaíonn sé seo:

  • Ní bhriseann do chuid ama ar shaoire foréigein baile do sheirbhís leanúnach. Áiríonn sé mar sheirbhís nuair a bhíonn teidlíochtaí ar nós saoire bhliantúil agus laethanta saoire poiblí á ríomh.
  • Ní féidir thú a bhriseadh as do phost mar gheall ar shaoire foréigin baile a thógáil nó a iarraidh.
  • Níor cheart go n-imreofaí leatrom ort mar gheall ar saoire foréigin baile a thógáil nó a iarraidh. Ní féidir le d'fhostóir pionós a ghearradh ort nó caitheamh go héagórach leat trí, mar shampla, coinníollacha fostaíochta níos measa a thabhairt duit nó tú a roghnú le haghaidh iomarcaíochta.

Do chearta a fhorfheidhmiú

Má tá gearán nó díospóid agat le d’fhostóir faoi shaoire foréigean teaghlaigh, ba chóir duit é a ardú le d’fhostóir ar dtús.

Mura féidir leat an cheist a réiteach go díreach le d’fhostóir, féadfaidh tú gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC).

Tacaíochtaí eile ag an obair

Tar éis duit an scéal a chur in iúl do d’fhostóir, féadfaidh d’fhostóir bealaí eile a phlé chun do shábháilteacht ag an obair a chinntiú.

Ar na bealaí is féidir chun tú a choinneáil sábháilte tá athruithe ar dhualgais oibre, suíomh, sonraí teagmhála agus bearta slándála feabhsaithe eile. Tá aon phlean sábháilteachta san ionad oibre faoi rún agus roinnte ar bhonn riachtanas.

Má tá bagairt thromchúiseach ar do shaol nó ar do shláinte, féadfaidh d’fhostóir beart a dhéanamh chun tú a atreorú chuig saineagraíocht ar nós Safe Ireland. Ba chóir do d’fhostóir labhairt leat ar dtús sula gcinnfidh tú an bhfuil nó nach bagairt thromchúiseach é nó nach bhfuil.

Féadfaidh tú féin nó d’fhostóir tagairt a dhéanamh don nóta treorach mionsonraithe DV at Work le haghaidh roghanna tacaíochta éagsúla atá ar fáil. Clúdaíonn sé:

  • Ag taisteal chuig agus ón obair
  • Sábháilteacht ar an tsuíomh agus as
  • Ag obair ó bhaile
  • Cumarsáid san ionad oibre
  • Socruithe oibre solúbtha
  • Riachtanais airgeadais
  • Feidhmíocht agus iompar
  • Neamhláithreacht fostaithe
  • Láithreacht nó teagmháil le ciontóir
  • Tacaíocht speisialtóra
  • Faisnéis a roinnt

Tuilleadh faisnéise

Tá Gardaí oilte go speisialta chun déileáil leis na cásanna seo agus is féidir leo cabhair a thabhairt duit tacaíocht a fháil.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar na heagraíochtaí agus na seirbhísí tacaíochta más íospartach mí-úsáide tú, nó má tá tú ag tabhairt cabhair le duine ar íospartach mí-úsáide teaghlaigh é.

treoir ar thacaí san ionad oibre agus teimpléad beartais d’fhostóirí ar láithreán gréasáin DV at Work.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Eanáir 2024