Córas iarratais agus riachtanais iontrála coláistí
- Ag cur isteach ar choláiste
- Dátaí tábhachtacha i gcomhair iarratas CAO
- Riachtanais iontrála
- Táillí iarratais CAO
- Conas iarratas a dhéanamh
- Sonraí teagmhála an CAO
Ag cur isteach ar choláiste
Déantar iarratas ar bheagnach gach cúrsa fochéime lánaimseartha tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO).
I measc na gcúrsaí fochéime sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí teicneolaíochta tá:
- Ardteastais - Leibhéal 6
- Gnáthchéimeanna Baitsiléara - Leibhéal 7
- Céimeanna Baitsiléara Onóracha - Leibhéal 8
Cuireann an CAO lámhleabhar ar fáil liostaíonn na cúrsaí go léir atá ar fáil agus a thugann eolas ar conas iarratas a dhéanamh.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh chun staidéar a dhéanamh in institiúidí tríú leibhéal trí thairseach an CAO.
Cúrsaí lasmuigh den CAO
Is bealach nua é an clár oideachais tríú leibhéal chun céim a bhaint amach. Ní gá iarratas a dhéanamh tríd an CAO. Is féidir leat eolas a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin na hOifige Náisiúnta Treasacha (NTO).
Níl aon chomhlacht lárnach iarratais ann do Chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC). Ní mór do mhic léinn iarratas a dhéanamh go díreach chuig na coláistí aonair.
Dátaí tábhachtacha i gcomhair iarratas CAO
Iarratais CAO do 2024-2025
Tá iarratais CAO do 2024-2025 ar oscailt ón 6 Samhain 2023. Is é 5pm an 1 Feabhra 2024 an spriocdháta d’iarratais CAO.
Iarratais dhéanacha
Dúnadh iarratais dhéanacha don CAO 2024-2025 ar an 1 Bealtaine 2024.
Ní féidir breithniú a dhéanamh ort do HEAR nó DARE ná measúnú a dhéanamh ort mar mhac léinn lánfhásta má dhéanann tú iarratas déanach.
Cúrsaí iarratais srianta
Is cúrsaí iarratas teoranta iad roinnt cúrsaí.
Tá próisis luathmheasúnaithe (amanna chomh luath le Feabhra) ag a leithéid seo de chúrsaí agus ní mór iad a lua i d' iarratas CAO in am chun go mbeidh an institiúid ard-oideachais in ann an próiseas a eagrú.
Ciallaíonn sé seo nach féidir leat iarratas a dhéanamh ar a leithéid seo de chúrsaí in iarratas deireanach. Foilsíonn an CAO caileandar scrúdaithe agus agallamh anseo (pdf).
Athrú intinne
Tá seans eile agat chun d'iarratas a athrú, saor in aisce, ón 7 Bealtaine 2024 go dtí 5 i.n. ar an 1 Iúil 2024.
Cúrsaí leighis
Ní mór do iarratasóirí AE ar chúrsaí fochéime leighis (pdf) tabhairt faoin scrúdú Iontrála do Ghairmeacha Sláinte (HPAT). Tá tuilleadh eolais ar an láithréan gréasáin HPAT-Ireland.
Is féidir leat eolas maidir le cláir iontrála iarchéime sa mhíochaine a fháil ar an suíomh gréasáin CAO.
Tábla de phríomhdhátaí d'iarratais CAO 2024-2025
Dáta |
Cad a tharlóidhin? |
6 Samhain 2023 |
Osclaíonn an córas iarratais ar líne |
20 Eanáir 2024 |
Dáta deiridh i gcomhair iarratas ar líne le ráta lascainithe |
1 Feabhra 2024 |
Dáta deiridh i gcomhair ghnáth-iarratas ar líne nó ar pháipéar |
Márta agus Aibreán 2024 |
Agallaimh agus cur i láthair fillteán oibre i gcomhair cúrsaí teoranta (féach thuas) |
1 Bealtaine 2024 |
Dáta deiridh i gcomhair iarratas déanach |
7 Bealtaine 2024 |
Tús leis an áis athrú intinne ar líne |
1 Iúil 2024 |
Dáta deiridh i gcomhair athrú intinne faoi roghnú cúrsaí ar d'fhoirm CAO atá seolta isteach roimhe seo |
5 Iúil 2024 |
Déanann an LOI tairiscintí Bhabhta A d'iarrthóirí nach bhfuil ag fanacht lena ngráid don Ardteist 2024. Mar shampla lánfhásta, iarrthóirí a chuir áiteanna siar, srl |
8 Lúnasa 2024 |
Déanann an LOI tairiscintí Bhabhta a Neamhní (d'iarrthóirí iarchéime sa mhíochaine agus roinnt iarrthóirí eile) |
13 Lúnasa 2024 |
Dáta deiridh i gcomhair glacadh le tairiscintí Bhabhta a Neamhní |
23 Lúnasa 2024 |
Tagann torthaí na hArdteistiméireachta amach |
28 Lúnasa 2024 |
Déanann an CAO tairiscintí Bhabhta a hAon |
29 Lúnasa 2024 |
Osclaítear an áis um Áiteanna ar Fáil |
3 Meán Fómhair 2024 |
Dáta deiridh i gcomhair glacadh le tairiscintí Bhabhta a hAon |
9 Meán Fómhair 2024 |
Déanann an CAO tairiscintí Bhabhta a Dó |
11 Meán Fómhair 2024 |
Dáta deiridh i gcomhair glacadh le tairiscintí Bhabhta a Dó |
17 Meán Fómhair 2024 go 3 Deireadh Fómhair 2024 |
Eiseofar tairiscintí mar is riachtanach chun folúntais a líonadh |
5 Samhain 2024 |
Iarratais CAO oscailte do 2025 |
Riachtanais iontrála
Pointí Ardteistiméireachta
Cuirtear pointí ar fáil do mhic léinn a bhfuil scrúdú na hArdteistiméireachta déanta acu ar son na dtorthaí a fhaigheann siad sa 6 ábhar is fearr a dhéanann siad, ag iarracht amháin den Ardteistiméireacht.
Braitheann na pointí a bhronntar ar an leibhéal a ghnóthaíonn an mac léinn san ábhar. Is féidir an t-áireamhán ar qualifax.ie a úsáid chun na pointí a bhaineann le do thorthaí a ríomh.
Tá an stádas céanna ag an Teastas Stáit a thairgtear do mhic léinn don Ardteistiméireacht 2021 agus atá ag na hArdteistiméireachta a bronnadh ar mhic léinn sna blianta roimhe sin.
Braitheann an méid pointí iontrála a theastaíonn d'aon chúrsa:
- Ar an méid áiteanna, agus
- An líon iarrthóirí do na háiteanna sin.
Mar sin athraíonn an leibhéal iontrála ó bhliain go bliain. Tugtar pointí níos airde do na páipéir a dhéantar ag an Ardleibhéal ná páipéir ag an nGnáthleibhéal.
Féadfaidh roinnt ollscoileanna pointí bónais breise a leithdháileadh don mhatamaitic Ardleibhéil.
Foilsíonn an CAO íosmhéid na bpointí la haghaidh gach cúrsa chomh luath agus a dhéantar gach babhta tairiscintí. Is féidir seiceáil na bpointí riachtanacha i mblianta roimhe freisin.
Má tá tú faoi mhíchumas
D'fhéadfá cáiliú le haghaidh scéim Bhealach Rochtana Míchumais ar Oideachas (DARE), atá dírithe ar fheabhas a chur ar rochtain ar an ardoideachas do lucht fágála scoile faoi mhíchumas.
Bealach Rochtana ar Ardoideachas (BRA)
Dáileann scéim iontrála BRA roinnt áiteanna tríú leibhéal bunaithe ar phointí laghdaithe ar fhágálaithe scoile a bhfuil cúlra faoi mhíbhuntáiste acu. Chun a bheith incháilithe don scéim, caithfear critéir áirithe a chomhlíonadh i ndáil le cúinsí airgeadais, sóisialta agus cultúrtha. Léigh tuilleadh inár gcáipéis ar an scéim BRA.
Sainriachtanais acadúla iontrála
Ní mór do scoláirí na riachtanais iontrála acadúla ar leith (ar a dtugtar riachtanais mháithreánacha freisin) a theastaíonn don chúrsa is mian leis nó léi a dhéanamh.
An Earnáil ollscoileanna
Tá formhór na n-ollscoileanna in Éirinn maoinithe ag an Stát, ach is gnách go mbíonn siad uathrialach. Is ollscoil phríobháideach í Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI).
Is iad na hollscoileanna in Éirinn:
- Ollscoil na hÉireann (OÉ) arb í an scáth-ollscoil í a chlúdaíonn an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), Ollscoil na Gaillimhe, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
- Ollscoil Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar go ginearálta Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD).
- Ollscoil Luimní
- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)
Ollscoil Leighis agus Eolaíochtaí Sláinte RCSI
Earnáil na teicneolaíochta
Cuimsíonn earnáil na teicneolaíochta ollscoileanna teicneolaíochta (TUanna) agus institiúidí teicneolaíochta (TFanna).
Tá 5 ollscoil theicneolaíoch ann:
- Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (TU Baile Átha Cliath) – institiúidí teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Thamhlachta agus Bhaile Bhlainséir roimhe seo
- Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan MTU) – institiúidí teicneolaíochta Chorcaí agus Thrá Lí roimhe seo
- Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár Tíre Iarthar Láir (TUS) – institiúidí teicneolaíochta Luimnigh agus Bhaile Átha Luain roimhe seo
- Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU) – institiúidí teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Shligigh agus Leitir Ceanainn roimhe seo. Bhain mic léinn a bhain céim amach i 2021-2022 ó na hinstitiúidí sin cáilíochtaí ollscoile amach
- Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) – institiúidí Cheatharlach agus Phort Láirge roimhe seo. Bhain mic léinn a bhain céim amach i 2021-2022 ó na hinstitiúidí sin cáilíochtaí ollscoile amach.
Tá 2 institiúid teicneolaíochta ann:
- Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT), Dún Laoghaire
- Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
Coláistí oideachais
Soláthraíonn coláistí oideachais sainoiliúint do mhúinteoirí bunscoile. Tá bunghráid áirithe do mhatamaitic agus do Bhéarla.
Leagann an Roinn Oideachais na riachtanais iontrála amach chuig sainoiliúint do mhúinteoirí.
Cúrsaí IarArdteistiméireachta
Ní chuirtear na háiteanna ar chúrsaí IarArdteistiméireachta ar fáil ar bhonn pointí ach ní mór go mbeadh na hiarrathóirí de chaighdeán na hArdteistiméireachta. Cuireann an chuid is mó coláistí agallamh ar na hiarrthóirí le fáil amach an bhfuil siad feiliúnach don chúrsa.
Táillí iarratais CAO
Iarratas | Ráta |
Iarratas ar líne (nó ar pháipear) ráta lascainithe faoi 20 Eanáir | €30 |
Iarratas ar pháipéar agus ar líne faoi 1 Feabhra | €45 |
Iarratas déanach ar líne faoi 1 Bealtaine | €60 |
Conas iarratas a dhéanamh
Iarratas tríd an LOI
I gcomhair institiúidí ardoideachais rannpháirteacha, is féidir iarratas a dhéanamh ar líne tríd an CAO.
Iarratais eile
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an institiúid ardoideachais chuí (ní tríd an CAO) sna cásanna seo a leanas:
- Cúrsaí iarchéime
- Iontráil do chúrsaí ag leibhéal níos airde ná an chéad bhliain
- Cúrsaí gairide, téarma amháin, páirtaimseartha agus cúrsaí ócáideacha
- Ath-iontráil do Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Mhuire Gan Smál, Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Luimní
- Cúrsaí leantacha ag na hinstitiúidí teicneolaíochta
- Aon chúrsa nach luaitear i lámhleabhar an LOI
- Iarrthóirí lánfhásta áirithe
- Céimithe nó Iarrthóirí lánfhásta chuig Coláiste Ríoga na Máinlia
Cónaí lasmuigh den AE
Má tá tú nó má bhí tú do i do chónaí lasmuigh den AE b’fhéidir go mbeidh ort iarratas a dhéanamh go díreach chuig roinnt institiúidí ard-oideachais (IAO).
Tá sé an-tábhachtach na nósanna imeachta chun iarratais a dhéanamh ar chúrsaí a sheiceáil mar d’fhéadfadh sé a bheith deacair nó dodhéanta earráidí a chur ina gceart.
Ba chóir duit do chuid fiosrúchán a dhéanamh i bhfad roimh dháta deiridh an 1 Feabhra, agus tráth nach déanaí ná an Nollaig roimhe sin is fearr.