An Scéim um Shocruithe Réasúnta ag na Scrúduithe Teastais (RACE)

Socruithe scrúduithe do dhaltaí le riachtanais speisialta

Más dalta meánscoile thú a bhfuil riachtanais speisialta agat, féadfaidh tú socruithe speisialta a fháil chun scrúduithe Stáit a dhéanamh mar an Ardteistiméireacht agus an Teastas Sóisearach.

Is féidir le daltaí faoi mhíchumas (mar shampla, lagú amhairc, deacrachtaí foghlama, laigí mótair agus gluaiseachta agus mar sin de) iarratas a dhéanamh trína scoil ar Shocruithe Réasúnta ag Scrúduithe Teistiméireachta (RACE).

Tá socruithe réasúnta deartha chun fáil réidh, chomh fada agus is féidir, le tionchar míchumais ar fheidhmíocht an dalta agus le cur ar chumas an scoláire rochtain a fháil ar na scrúduithe stáit ar bhonn comhionann le daltaí eile. Ní thugann sé buntáiste éagórach don scoláire ar scoláirí eile sa scrúdú céanna.

Déanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit maoirseacht ar scéim RACE.

Cad iad na 'socruithe réasúnta' is féidir a fháil?

Áirítear iad seo a leanas ar shamplaí de shocruithe réasúnta.

Is féidir leat:

  • Leaganacha méadaithe nó Braille de cheisteanna a fháil, má tá lagú amhairc ort
  • Ríomhairí glórghníomhaithe, gléasanna taifeadta nó scríobhaithe a úsáid (daoine eile chun an scríbhneoireacht a dhéanamh)
  • Teicneolaíocht chúnta a úsáid chun an scrúdpháipéar a rochtain, mar shampla pinn léitheoireachta scrúdaithe, formhéadaitheoirí nó léitheoirí scáileáin
  • Do scrúdú a dhéanamh in ospidéal nó in aon ionad neamhspleách eile
  • Díolúine a fháil ón gcuid éisteachta den scrúdú má tá tú bodhar nó lagéisteachta

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil sa treoir maidir le cóiríocht réasúnta do scrúduithe in 2024. 

‘Socruithe’ is féidir le do scoil a cheadú

Tá an t-údarás ag do scoil forálacha speisialta a dhéanamh do dhaltaí le riachtanais speisialta le linn scrúduithe Stáit ar bhonn cad is fearr duitse. I measc cuid de na forálacha speisialta is féidir le do scoil a dhéanamh tá:

  • Leigheas, bia nó deochanna a thabhairt isteach san ionad scrúdaithe nuair is gá ar chúiseanna leighis.
  • Úsáid deasc nó cathaoir speisialta a úsáidtear i do sheomra ranga
  • Úsáid áiseanna lagamhairc a úsáideann tú de ghnáth sa seomra ranga
  • Ag cinntiú go mbíonn scoláirí bodhra agus lagéisteachta ina suí in aice le feitheoir an scrúdaithe
  • Sosanna nó tréimhsí scíthe a dheonú i ngach seisiún scrúdaithe de bharr do riocht fisiciúil nó leighis. (Faoin soláthar speisialta seo, is féidir an t-am a thógann sé chun sosa nó mar bhriseadh a chúiteamh ag deireadh gach tréimhse scrúdaithe go 20 nóiméad ar a mhéad.)

Mura bhfuil tú sásta leis na socruithe a rinneadh, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig Coiste Neamhspleách Achomharc. Is ó lasmuigh den Choimisiún comhaltaí an fhóraim. Déantar gach achomharc a mheas agus úsáid á baint as Creat na bPrionsabal atá leagtha amach ag an Sainghrúpa Comhairleach ar Scrúduithe Stáit.

Rialacha maidir le ‘cóiríocht réasúnach’ do scrúduithe

Coimisiún na Scrúduithe Stáit freagrach as stiúradh ceart na scrúduithe Stáit in Éirinn a chinntiú. Tá polasaí sonraithe ag an gCoimisiún maidir leis an tsaincheist a bhaineann le freastal réasúnach a dhéanamh ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu le linn am scrúdaithe.

Mar sin féin, tá an t-údarás ag scoileanna roinnt socruithe sonraithe a dhéanamh chun iarrthóirí scrúdaithe a bhfuil riachtanais speisialta acu a éascú gan cead a fháil roimh ré ón gCoimisiún.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise agus dátaí tábhachtacha a fháil sa treoir do dhaltaí ar shocruithe réasúnta.

Conas iarratas a dhéanamh ar RACE

Déantar iarratais ar shocruithe réasúnta trí do scoil chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS).

Éilíonn an t-iarratas faisnéis faoi do mhíchumas nó riocht chomh maith le do riachtanais oideachais agus conas a théann do riocht i bhfeidhm ar d’obair scoile. Beidh ort foirm a shíniú chun cead a thabhairt don scoil do chuid faisnéise a chur ar aghaidh chuig CSS.

Ba cheart d’iarrthóirí seachtracha nach bhfuil naisc acu le scoil nó ionad ar bith, iarratas a dhéanamh go díreach ar RACE chuig CSS ag an am a bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar na scrúduithe.Is féidir leat foirm iarratais RACE a íoslódáil ó láithreán gréasáin CSS.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar shocruithe réasúnta do scrúduithe Stáit ar examinations.ie.

Coimisiún na Scrúduithe Stáit

Corr na Madadh
Áth Luain
An Iarmhí
Éire

Teil: (090) 644 2700
Facs: (090) 644 2744
Láithreán Gréasáin: http://www.examinations.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 Samhain 2023