Cigireacht ar scoileanna

Cad is cigireacht scoile ann?

Déanann an Roinn Oideachais cigireacht ar gach bunscoil agus iar-bhunscoil Stáit in Éirinn ar bhonn rialta. Déantar cigireacht lena chinntiú go gcoimeádtar caighdeáin oideachais sna scoileanna.

Tá rannán speisialta ag an Roinn ar a dtugtar an Chigireacht a dhéanann cigireachtaí scoile. Leagann an tAcht Oideachais (1998) amach freagrachtaí na Cigireachta.

An chigireacht

  • Déanann sí meastóireacht ar cháilíocht an tsoláthair oideachais agus tugann sí tuairisc orthu
  • Déanann sí cigireacht agus meastóireacht ar an soláthar oideachais sa bhunscoil agus san iar-bhunscoil
  • Tugann sí comhairle dóibh siúd atá ag obair sa chóras oideachais
  • Cuidíonn sí le forbairt beartais oideachais

Déanann an Chigireacht meastóireacht ar na seirbhísí oideachais do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ní hionann é seo agus ról na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) a chuidíonn le feabhas a chur ar chomhordú idir seirbhísí oideachas agus seirbhísí sláinte chun oideachas speisialta a sholáthar.

Tá an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach freagrach as measúnú a dhéanamh ar sholáthar oideachais do leanaí nach bhfuil ag freastal ar scoil.

Cad iad na cineálacha cigireachta scoile atá ann?

Déanann an Chigireacht cigireachtaí ar scoileanna agus ionaid oideachais agus tugann sí tuairisc ar na cigireachtaí scoile seo.

Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith i gceist sna cigireachtaí:

  • Meastóireachtaí curaclaim
  • Meastóireacht Scoile Uile
  • Coimirce agus cosaint leanaí
  • Le cigireachtaí leantacha breathnaítear ar an gcaoi ar chuir an scoil moltaí cigireachta i bhfeidhm

Meastóireachtaí Scoile Uile (MSU)

Déantar Meastóireachtaí Scoile Uile (MSU) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna araon. Déanann MSU cáilíocht na bainistíochta scoile, an teagaisc agus na foghlama i scoil a mheasúnú agus déanann sé measúnú ar phleanáil agus ar fhéin-athbhreithniú na scoile. Féadfaidh an chigireacht cruinnithe réamh-mheastóireachta a thionól leis an bhfoireann agus leis an mbainistíocht, bualadh le cumann na dtuismitheoirí agus cuairteanna scoile agus seomraí ranga a dhéanamh.

Ullmhaíonn an chigireacht dréacht-thuairisc agus reáchtálann sí cruinnithe leis an bhfoireann agus leis an mbainistíocht sula dtugtar chun críche agus eisítear an Mheastóireacht Scoile Uile.

Tuarascálacha cigireachta

Is féidir leat tuairiscí cigireachta do scoileanna aonair agus Meastóireachtaí Scoile Uile a fháil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Oideachais.

Tuilleadh faisnéise

An Roinn Oideachais

Rúnaíocht na Cigireachta
An Roinn Oideachais
Sráid Mhaoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
D01 RC96
Éire

Teil: (01) 889 6553
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Nollaig 2023