Scéim iompair do scoileanna dara-leibhéil

Réamhra

Cuireann an Roinn Oideachais iompar fóirdheontais scoile ar fáil do dhaltaí meánscoile a chónaíonn breis agus 4.8 ciliméadar ón scoil chuí.

Reáchtálann Bus Éireann an tseirbhís bhus scoile agus déanann an Roinn Oideachais an cinneadh faoi na táillí bliantúla. Socraíonn an Roinn agus Bus Éireann cén scoil ábhartha, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh acu:

  • Éiteas
  • Teanga
  • An bealach intaistil is giorra ó theach an linbh.

Ní chuirtear an tseirbhís ar fáil ach amháin nuair a bhíonn ar a laghad deichniúr daltaí i gceantar ar leith ar féidir le bealach bus freastal tíosach a dhéanamh air. Fiú nuair a bhaineann dalta na critéir aoise agus faid amach d’iompar scoile, níl aon teidlíocht dhlíthiúil ann d’iompar.

Is ann do roinnt socruithe speisialta iompair do dhaltaí faoi mhíchumas.

Tá iarratais ar sheirbhísí iompair scoile 2024-2025 oscailte anois. Féadfaidh tú d’iarratas a chur isteach ar láithreán gréasáin Bhus Éireann (féach ‘Conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim Iompar Scoile’ thíos).

Féach sonraí na Scéime Iompar Iar-Bhunscoile (pdf) ar láithreán gréasáin na Roinne.

Don scoilbhliain nua ag tosú i Meán Fómhair 2023, is é €50 táille na Scéime Iompar Scoile do leanbh bunscoile agus €75 do leanbh iar-bhunscoile. Is é an táille uasta do theaghlach ná €125.

Daltaí ón Úcráin

Ba chóir do dhaltaí ón Úcráin cuairt a thabhairt ar gov.ie/ukraine chun sonraí a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh ar iompar scoile. Níor cheart dóibh iarratas a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin Bhus Éireann.

Athruithe molta ar an scéim iompair scoile

Tá athruithe molta in athbhreithniú ar an scéim iompair scoile ar an gcaoi a n-oibríonn an scéim, le go mbeidh níos mó daltaí in ann busanna a úsáid faoi 2030.

Moltar ann:

  • Deireadh a chur leis an riachtanas maidir leis an ‘scoil is gaire’, sa chás go bhfuil bealaí bus ann cheana féin nó áit a bhfuil dóthain éilimh ar bhealach nua (10 ndalta ar a laghad)
  • An t-achar a theastaíonn do dhaltaí le cáiliú don scéim iompair scoile a laghdú

Déanfar cuid de na hathruithe atá molta a thriail i mí Mheán Fómhair 2024, agus ansin tabharfar isteach iad de réir a chéile ó Mheán Fómhair 2025.

Is féidir leat tuairisc achomair (pdf) agus an tuarascáil deiridh iomlán (pdf) den athbhreithniú ar iompar scoile a léamh.

Cé atá in ann úsáid a bhaint as anScéim Iompar Scoile?

Le bheith i dteideal iompair scoile a fháil, ní mór do dhalta:

  • Bheith rollaithe i meánscoil aitheanta
  • Bheith ina c(h)ónaí níos mó ná 4.8 ciliméadar ón scoil is gaire.

Soláthraíonn an Roinn Oideachais liosta ceisteanna coitianta maidir leis an Scéim Iompar Scoile.

Athruithe i 2012

Bainfear leas as ‘Limistéar Teorainn Scoilcheantair’ go dtí 2012-2013 d’fhonn incháilitheacht daltaí meánscoile a dheimhniú d’iompar scoile. Faoin gcóras seo, tá daltaí a chónaíonn breis agus 4.8 ciliméadar ón meánscoil a dhéanann freastal ar an scoilcheantar ina gcónaíonn siad go hiomlán incháilithe d’iompar scoile chuig a scoil. Leanfaidh daltaí a bhí incháilithe d’iompar faoin gcóras seo bheith incháilithe i mbliain scoile 2012-2013.

Ní dhéanfar daltaí a thosaíonn meánscoil den chéad uair i Meán Fómhair 2012 a mheasúnú faoin gcóras scoilcheantair. Ní mór dóibh bheith ina gcónaí breis agus 4.8km ón ionad oideachas meánscoile is gaire, agus aird ar éiteas agus ar theanga, d’fhonn cáiliú d’iompar.

There are also changes for pupils with medical cards - see 'Rates' below.

Socruithe iompair

Ní mór do thuismitheoirí a shocrú a leanbh a thabhairt a fhad leis an bpointe bailithe is gaire ar bhealach an bhus. Go ginearálta, eagraíodh bealaí bus ionas nach mbíonn breis agus 3.2 ciliméadar le taisteal ag dalta sula mbaineann siad an pointe bailithe amach.

Is féidir an tseirbhís bus a shíneadh chuig pointe níos gaire, má íocann tuismitheoirí, sa chás gurb infhéideartha é seo a dhéanamh i dtaobh cúrsaí ama de agus sa chás nach n-eascródh mór-chur isteach as do dhaltaí eile a úsáideann an tseirbhís.

Is féidir le daltaí a fhreastalaíonn ar mheánscoil aitheanta nach í an mheánscoil shannta dá limistéar an tseirbhís a úsáid más ann do dhóthain spáis ar an mbus, a fhad agus a chónaíonn siad ar a laghad 4.8 ciliméadar ón scoil atá i gceist.

Is féidir iompar a thabhairt do dhaltaí d'fhonn cabhrú leo freastal ar an meánscoil Ghaeilge nó ar an meánscoil is gaire dóibh ar mhaithe lena n-éiteas ar leith má tá siad ina gcónaí ar a laghad 4.8 ciliméadar ón scoil sin.

Iompar lamháltais

D’fhéadfadh cead bheith ag leanaí nach bhfuil incháilithe d'iompar scoile é a úsáid ar bhonn lamháltais agus an táille iomlán a íoc – ní ann d’aon tarscaoileadh do dhaltaí ag a bhfuil cártaí leighis.

Foilsítear coinníollacha sonracha sa Scéim Iompar Meánscoile (pdf)

Deontais d’áiteanna iargúlta

Íocann an Roinn deontais d’áiteanna iargúlta mar ranníocaíocht i dtreo socruithe iompair do dhaltaí incháilithe nach bhfuil seirbhís iompair ar fáil dóibh. Is féidir na deontais seo a íoc, freisin, do dhaltaí incháilithe a chónaíonn 3.2 ciliméadar nó níos mó ón bpointe bailithe is gaire d’iompar scoile.

Caighdeáin

Bíonn coinne leis go n-iompraíonn leanaí a úsáideann iompar scoile iad féin go freagrach agus go mbíonn aird acu ar a sábháilteahct féin agus ar shábháilteacht daoine eile. Is ann do threoirlínte (pdf) ina gcuimsítear na caighdeáin lena bhfuil coinne agus conas a dheileálfar le haon mhí-iompraíocht.

Táillí laghdaithe ar iompar poiblí

Cuireann Bus Átha Cliath, an LUAS agus an DART táillí lamháltais le linn téarmaí scoile.

Táillí Iompar Scoile

Is iad seo a leanas na táillí ar iompar scoile in 2024-2025:

  • €50 do leanbh bunscoile
  • €75 do leanbh iar-bhunscoile

Is é an táille uasta do theaghlach ná €125

The closing date for on-time applications is 26 April 2024. The closing date for payments is 7 June 2024.

If you make a late payment or submit medical card details after the deadline date, your application is considered late and you are not guaranteed a seat.

Daltaí le cárta leighis

Tá daltaí atá incháilithe d’iompar scoile (féach thuas) agus ag a bhfuil cárta leighis i dteideal iompar scoile saor in aisce a fhail chuig an scoil is gaire.

Mura bhfreastalaíonn dalta ag a bhfuil cárta leighis ar an scoil is gaire:

Sna blianta roimhe seo, d’fhéadfaí an muirear a tharscaoileadh do dhaltaí incháilithe a bhain leas as iompar scoile chuig scoil lasmuigh dá scoilcheantar dá mbeadh cárta bailí leighis acu. Leanfaidh an socrú seo do dhaltaí ag a bhfuil an tarscaoileadh á fháil cheana féin.

Ó 2012-2013 ar aghaidh, ní bheidh sealbhóir cárta leighis atá ag tosú ag freastal ar mheánscoil atá níos faide i gcéin ná an t-ionad oideachais is gaire i dteideal iompar saor in aisce a fháil chuig an scoil sin.

Conas iarratas a dhéanamh ar an Scéim Iompar Scoile

Má tá do leanbh ag dul ar an rolla in iar-bhunscoil den chéad uair, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar iompar scoile ar líne ar láithreán gréasáin Bhus Éireann. Is féidir leat dul i dteagmháil le Bus Éireann le ceisteanna faoi d’iarratas nó ticéad.

Dúnadh iarratais don scoilbhliain 2023-2024 Dé hAoine, 28 Aibreán 2023.

Tá iarratais don scoilbhliain 2024-2025 oscailte anois. Is é an 26 Aibreán 2024 an dáta deiridh le haghaidh iarratas in am.

Má tá ceisteanna agat faoi Iompar Scoile, is féidir leat dul i dteagmháil le Bus Éireann nó glaoch a chur ar Íosghlao 0818 919 910 (9am go 5pm, Luan go hAoine).

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh i scríbhinn go díreach chuig an rannóg Iompar Scoile sa Roinn Oideachais ag an seoladh thíos.

Achomhairc

Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh ar d’iarratas ar iompar scoile, ba chóir duit an fhoirm achomhairc a chomhlánú ar líne. Féadfaidh tú aon doiciméid bhreise a sheoladh chuig an mBord Achomhairc um Iompar Scoile f/ch an Roinn Oideachais ag an seoladh thíos.

Tuilleadh Faisnéise

You can find regional contact numbers for the School Transport Section of the Department of Education on Gov.ie.

You can also find contact details for Bus Éireann's school transport offices on the Bus Éireann website.

An Roinn Oideachais

An Rannóg Iompair Scoile
Bóthar Phort Laoise
Tulach Mór
Uíbh Fháilí
Éire

Teil: (057) 932 5466/7
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Aibreán 2024