Stádas pósta agus teidlíochtaí leasa shóisialaigh

Réamhrá

Chun críocha fhormhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh in Éirinn (mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist agus Liúntas Leasa Forlíontach), caitear le lánúineacha atá ag comhchónaí (cónaí le chéile) ar an mbealach céanna le lánúineacha pósta nó páirtnéirí sibhialta. Mar sin féin, is féidir le do stádas pósta tionchar a imirt ar do theidlíocht ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe.

Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora

Ní íoctar Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (ÍTA) le duine atá i gcaidreamh agus atá ina chónaí leis an duine sin cibé acu den ghnéas eile nó den ghnéas céanna é. Chun cáiliú don ÍTA, ní mór duit a bheith i do bhaintreach, scartha, colscartha, neamhphósta, páirtnéireacht shibhialta dhíscaoilte a bheith agat, nó a bheith i do chéile nó i do pháirtnéir sibhialta príosúnaigh. Ní ceadmhach duit a bheith ag comhchónaí. Is éard is comhchónaí ann nuair a chónaíonn lánúin i gcaidreamh le chéile, ach nach bhfuil siad pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta.

Má scarann tú, má faigheann tú colscaradh nó má dhíscaoileann tú do pháirtnéireacht shibhialta, ní mór duit cónaí scartha ar feadh 3 mhí ar a laghad sula ndéanann tú éileamh ar Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora. Má tá tú ag comhchónaí agus má bhriseann do chaidreamh, is féidir leat iarratas a dhéanamh gan fanacht 3 mhí.

Íocaíocht Idirthréimhseach do Lucht Cuardaigh Fostaíochta

D’fhéadfá Íocaíocht Idirthréimhseach do Lucht Cuardaigh Fostaíochta (JST) a fháil, má tá leanaí agat agus mura gcáilíonn tú don ÍTA.

Ní féidir leat JST a fháil má tá tú i do chónaí le do chéile, do pháirtnéir nó do pháirtnéir sibhialta. Má tá tú pósta agus scartha, ní mór duit a bheith scartha ar feadh 3 mhí sular féidir leat Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist a fháil.

Má tá tú ag comhchónaí (i do chónaí le duine agus i gcaidreamh) agus má bhriseann do chaidreamh, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht Idirthréimhseach do Lucht Cuardaigh Fostaíochta ón gcéad lá a mbíonn tú i do thuismitheoir aonair.

Pinsean Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh

Bíonn tionchar ag do stádas pósta ar do theidlíocht ar Phinsean Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)Pinsean Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach). Ní féidir leat Pinsean Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a éileamh ach amháin má fhaigheann do chéile nó do pháirtnéir sibhialta bás. Fanann an pinsean iníoctha fad is a fhanann tú i do bhaintreach nó i do pháirtnéir sibhialta marthanach. Má phósann tú arís nó má thosaíonn tú ag comhchónaí, ní bheidh sé iníoctha a thuilleadh.

Deontas Baintrí nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh

Bíonn tionchar ag do stádas pósta ar do theidlíocht don Deontas Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh.

Is íocaíocht aonuaire é an Deontas Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh le baintreacha, baintreacha fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu. Níl comhchónaitheoirí incháilithe don deontas.

Tuilleadh faisnéise

Tá tuilleadh faisnéise faoin gcaoi ar féidir le do stádas pósta dul i bhfeidhm ar do theidlíochtaí ar fáil ó d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil. Féadfaidh an fhoireann do chuid teidlíochtaí a mhíniú agus cabhrú leat foirmeacha a líonadh. I gcás Liúntas Leasa Forlíontach, déan teagmháil leis an Oifigeach Leasa Pobail i d’ionad áitiúil Intreo nó in oifig brainse leasa shóisialaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Feabhra 2024